An mian leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? / Would you like to improve your Irish?

Ranganna Comhrá Gaeilge don Fhoireann 2024-2025

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint ranganna Gaeilge d’Fhoireann uile na hOllscoile i rith na bliana acadúla 2024-2025. Beidh ranganna comhrá Gaeilge á dtairiscint ag gach uile leibhéal ó bhunranganna go hardranganna. Tá sé i gceist caighdeán Gaeilge na n-iarrthóirí a mheas trí Thriail Socrúcháin Teanga lena chinntiú go mbeidh an caighdeán céanna i measc na mac léinn sna ranganna éagsúla. 

Buneolas

Clárú:  Ní mór cláru roimh Dé hAoine 6 Meán Fómhair 2024 ag úsáid an fhoirm iarratais Microsoft Forms thíos.
Dáta: Ranganna Gaeilge na Foirne ag tosú an tseachtain dar tús 16 Meán Fómhar, 2024
Ionad: Beidh na ranganna ar siúl ar líne.
Táille: Beidh na ranganna seo saor in aisce.

An Triail Socrúcháin Teanga
Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici. Ceisteanna ilroghnacha atá sa triail seo agus moltar 22 nóiméad don triail. Iarrfar ort triail ghearr seo a dhéanamh ar líne sula dtosaíonn na ranganna.

Ní gá an Triail a dhéanamh más glantosaitheoir thú, nó má tá tú ag iarraidh fanacht sa rang ina raibh tú anuraidh.  Beidh tú in ann an méid sin a chur in iúl ach ríomhphost a sheoladh chuig evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie

Foirm Iarratais: https://forms.office.com/e/0cef06tQaN

Déanfaidh Evan Ó Gríofa ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge teagmháil leat tar éis an spriocdháta chun sonraí do ranga a thabhairt duit.

Beidh na ranganna ar siúl idir 1pm agus 2pm ar na laethanta seo a leanas:
Dé Luain – Tosaitheoirí
Dé Máirt – Feabhsaitheoirí
Dé Céadaoin - Meánrang
Déardaoin – Ardrang


Irish Conversation classes for staff 2024-2025

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge are offering Irish classes to the University’s staff during the Academic year 2024-2025. Classes will be provided for all levels from beginners to advanced. To ensure that the classes meet the needs of participants, applicants will be invited to do a Placement Test to help us assess their level of fluency and to allocate them to the appropriate class. 

Main details

Registration: You must register using the MS Forms application form below by Friday 6 September 2024.
Date: Classes will commence on the week beginning 16 September 2024.
Venue: Classes will be online.
Fee: These classes are free of charge.

Language Placement Test: This is a test designed to indicate which level will best suit your language needs by testing your language level. The questions are multiple-choice and the suggested time for the test is 20 minutes. A link to the Language Placement Test will be emailed to you before the start of the course.

You do not need to complete the Test if you are a complete beginner, or if you want to stay in the class that you were in last year.  You can inform us of this by email to evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie.

Application Form: https://forms.office.com/e/0cef06tQaN

Evan Ó Gríofa from Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge will be in contact with you after the deadline to give you the details of your class.

The classes will take place between 1pm and 2pm on the following days:
Monday – Beginners
Tuesday – Improvers
Wednesday – Meánrang
Déardaoin – Ardrang

Tuilleadh eolais / More information:

Evan Ó Gríofa,
Oifig 103, 
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Áras na Gaeilge.
091-493616 / evan.ogriofa@ollscoilnagaillimhe.ie