Cúrsa Rochtana ar an Ardoideachas
Forléargas ar an gCúrsa
Tugann an Cúrsa Rochtana an deis do lucht fágála scoile agus do mhic léinn lánfhásta iad féin a ullmhú, go pearsanta agus go hacadúil, do chúrsa fochéime lánaimseartha in OÉ, Gaillimh.
Tá na cúrsaí rochtana oscailte arís d'iarratais - Lucht Fágála Scoile https://tinyurl.com/cursa-rochtana-faoi-22 agus Daoine Fásta https://tinyurl.com/cursa-rochtana-daoine-fasta.
Beidh seisiún eolais ar siúl ar an gcampas ar an 12 Bealtaine, 6.30 - 7.30 i.n.
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Tá tinreamh agus torthaí sásúla i ngach gné den chlár riachtanach chun an cúrsa a chur i gcrích. Meastar dul chun cinn acadúil na mac léinn trí mheasúnuithe leanúnacha scríofa agus labhartha agus trí scrúduithe ag deireadh gach seimeastair. Is cuid lárnach agus thábhachtach den chúrsa staidéar i d’aonar (ag baile). Bíonn an deis ag mic léinn freastal ar roinnt léachtaí fochéime ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach é a shocrú roimh ré.
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Tá gach eolas maidir leis na riachtanais iontrála ar fáil ó Chomhordaitheoir an Chúrsa.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Bliain acadúil amháin (Dhá thráthnóna sa tseachtain)
Dáta tosaithe
Deireadh Fómhair 2022
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
20
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
6
Modh staidéir
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Dioplóma sa Bhonnstaidéar
Cód CAO
Cód
Imlíne an chúrsa
Tá croí-ábhair agus roghanna acadúla mar chuid den chúrsa seo. I measc na gcroí-ábhar tá:
- Scileanna Staidéir
- Scríbhneoireacht Fheidhmeach
- Teicneolaíocht Faisnéise
- Treoir Oideachasúil
Tugann na roghanna acadúla deis do mhic léinn tabhairt faoi réamhchúrsaí Ollscoile chun blaiseadh a fháil den staidéar ag an tríú leibhéal. Go hiondúil, déanann mic léinn staidéar ar cheithre ábhar acadúla as an méid seo a leanas: Béarla/Stair, Socheolaíocht, Gaeilge, Tíreolaíocht.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Feilfidh an cúrsa do mhic léinn a bhfuil an-suim acu staidéar a dhéanamh ag an tríú leibhéal, ach nach bhfuil ar a gcumas sin a dhéanamh de bharr cúinsí airgeadais nó cúinsí sóisialta. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil an cumas iontu don ardoideachas ach, ar chúiseanna éagsúla sóisialta agus eacnamaíochta, nach bhfuil ag freastal ar an tríú leibhéal. Ba chóir go mbeadh mic léinn thar a bheith spreagtha agus spéis acu staidéar ag leibhéal fochéime sa réimse a roghnaíonn siad. Feilfidh an clár do mhic léinn atá faoi mhíchumas chomh maith, mic léinn a raibh tionchar ag asláithreacht fhadtréimsheach de bharr tinnis ar a gcuid oideachais.
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Níl aon táille i gceist leis an gcúrsa seo.
Tuilleadh eolais
Gearóidín Ní Chonghaile
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
T: +353 91 494618
R: gearoidin.nichonghaile@oegaillimh.ie