Cur i bhfeidhm na Straitéise

  Leagan Gaeilge

Together, we have set out an ambitious shared vision for our university in the coming years. Realising this ambition will require institutional focus to ensure that decision-making at all levels supports delivery and that strategic financial planning and revenue growth align with our priorities.

College Strategies & Business Planning

Our Colleges are at the heart of our vision and they are the key drivers of research and teaching excellence. Each of our four Colleges will publish their own College-level strategies identifying where and how they will contribute to us achieving our collective vision for the University. Implementation of these actions will be monitored over time through our Colleges’ rolling five-year business plans, and School and Research Institute annual operational plans. 

Thematic Strategies

Our Professional Services will publish a series of thematic strategies on major university activities – e.g. Academic Strategy, Research & Innovation Strategy, Internationalisation Strategy, Student Success Strategy, Sustainability Strategy – with further details on how we will 
achieve our stated actions. 

Organisational Transformation Office

This new central office will be a key driver of strategy implementation, providing expertise, project management and oversight to ensure that major strategic initiatives are delivered effectively and efficiently for the benefit of our university community.

***

Cur i bhfeidhm na Straitéise

Tá fís chomhroinnte uaillmhianach leagtha amach againn le chéile don ollscoil sna blianta amach romhainn. Chun an uaillmhian seo a bhaint amach beidh ar an institiúid díriú isteach air lena chinntiú go dtacaíonn cinnteoireacht ag gach leibhéal le seachadadh na straitéise agus go mbeidh pleanáil airgeadais straitéiseach agus fás ioncaim ag teacht lenár dtosaíochtaí.

Straitéisí & Pleanáil Ghnó na gColáistí

Is iad na Coláistí bun agus barr na físe atá againn agus is iad a bhrúnn chun cinn feabhas taighde agus teagaisc. Foilseoidh gach ceann dár gceithre Choláiste a straitéisí féin ag leibhéal an Choláiste ag aithint cén áit agus cén chaoi a gcuideoidh siad linn ár gcomhfhís don Ollscoil a bhaint amach. Déanfar monatóireacht de réir a chéile ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha seo trí phleananna leanúnacha gnó cúig bliana na gColáistí, agus trí phleananna oibríochtúla bliantúla na Scoileanna agus na nInstitiúidí Taighde.

Straitéisí téamacha

Foilseoidh Seirbhísí Gairmiúla na hOllscoile sraith straitéisí téamacha ar mhórghníomhaíochtaí ollscoile – e.g. Straitéis Acadúil, Straitéis Taighde & Nuálaíochta, Straitéis Idirnáisiúnaithe, Straitéis Rathúlachta na Mac Léinn, Straitéis Inbhuanaitheachta – ina gcuimseofar sonraí breise ar an mbealach a mbainfimid ár ngníomhartha sonraithe amach.

An Oifig do Chlaochlú Eagraíochta

Beidh an oifig nua lárnach seo ina príomhthiománaí do chur i bhfeidhm na straitéise, ag cur saineolas, bainistíocht tionscadail agus maoirseoireacht ar fáil lena chinntiú go gcuirtear mórthionscnaimh straitéiseacha ar fáil go héifeachtach agus go héifeachtúil ar mhaithe le pobal na hollscoile.

Rialachas láidir

Soláthraíonn Údarás na hOllscoile treoir straitéiseach fhoriomlán don Ollscoil agus tabharfar eolas chun dáta dár ngobharnóirí go rialta maidir le cur i bhfeidhm, agus déanfar monatóireacht ar dhul chun cinn ár dtosaíochtaí agus ár ngníomhartha sonraithe. Tugann obair an Choiste Sheasta, Pleanála Straitéisí agus Rialachais agus an Choiste Airgeadais agus Acmhainní tacaíocht dóibh sa ról seo mar go mbíonn baint mhór acu le cur i bhfeidhm agus le hacmhainní a chur ar fáil don straitéis. Forbraíodh an plean straitéiseach seo de réir ár riachtanas faoi Acht an ÚAO, 2022 agus beimid i dteagmháil i gcónaí leis an ÚAO maidir lena chur i bhfeidhm, go háirithe trí thuairisciú ar ár gComhaontú Feidhmíochta. Ina theannta sin, táimid tiomanta do Dhualgas na hEarnála Poiblí i leith Comhionannais agus Chearta an Duine a chur i bhfeidhm i ngach feidhm de chuid na hinstitiúide.

Acmhainní

Leagann an plean straitéiseach seo amach athrú uaillmhianach inár bhfeidhmíocht, agus beidh gá le neart acmhainní chun a chinntiú gur féidir linn an uaillmhian sin a bhaint amach. Oibrímid i ndomhan atá ag athrú go tapa agus atá ag éirí níos luainí agus tá ár dtoimhdí pleanála airgeadais bunaithe ar mhaoiniú earnála reatha agus ar réamh-mheastacháin fáis ár gColáistí. I rith na straitéise seo, beidh cistí straitéiseacha á n-infheistiú ag leibhéal na hOllscoile agus na gColáistí, chomh maith le ciste mór caipitil, chun ár bpríomhthionscnaimh agus forbairtí straitéiseacha eile a bhaint amach. Aithnímid a mhéad a chuireann ár bpobal alumni, ár lucht tacaíochta agus ár gcomhpháirtithe le forbairt na hollscoile. Sna blianta amach romhainn, beidh rath an fheachtais dhaonchairdiúil Meitheal ríthábhachtach chun fís phobal na hollscoile a bhaint amach.