Cén chaoi a bhfuil ag éirí linn?

 Leagan Gaeilge

Distinctive Research Impact

By 2035, we will be counted among the Top 200 universities globally in at least one established World University Ranking. This target demonstrates our ambition to be a highly effective organisation, recognised for our high standards of research excellence and global impact. 

To achieve this ambitious target, we will focus on driving performance in the following measures:

  • Publications in Top Journals
  • International Research Collaboration
  • Research Reputation
  • Research Income
  • PhD student numbers
  • Innovation

This will require a step-change in our performance driven by sustained institutional focus, collective effort and targeted, resourced interventions to improve these metrics over the decade.

Education for the Future

We will be a university of choice that inspires and supports its students across their learning journey to become outstanding graduates. This target demonstrates our ambition to focus collective effort to improve student progression, academic engagement, teaching excellence, wellbeing and belonging. 

To achieve this goal, we will focus on driving performance in the following measures: 

  • Student progression rates year on year
  • Student engagement levels
  • Recruitment of high-performing students
  • Innovative design and delivery of programmes
  • Continuing professional development of our teaching staff
  • Graduate employability

It will require meaningful student engagement and partnership, a focus on teaching excellence, enhanced student supports and targeted data-driven interventions to improve these metrics over the next five years.

Effective and Sustainable Organisation that Empowers our People

Successful delivery of our business transformation programme is fundamental to achieving our ambitions in Research and Education. Through a rigorous programme management process, we will continually monitor and report on the delivery of milestones. 

***

Cén chaoi a bhfuil ag éirí linn?

Tionchar Taighde Shainiúil

Faoi 2035, beimid san áireamh ar an 200 ollscoil is fearr ar domhan i gceann amháin ar a laghad de Ranguithe Ollscoile an Domhain. Léiríonn an sprioc seo ár n-uaillmhian a bheith inár n-eagraíocht an-éifeachtach, atá aitheanta as ár n-ardchaighdeáin feabhais taighde agus ár dtionchar domhanda.

Chun an sprioc uaillmhianach seo a bhaint amach, díreoimid ar fheidhmíocht a thiomáint sna bearta seo a leanas:

  • Foilseacháin in Irisleabhair Mór le Rá
  • Comhoibriú Taighde Idirnáisiúnta
  • Cáil Taighde
  • Ioncam Taighde
  • Líon na mac léinn PhD
  • Nuálaíocht

Chuige sin, beidh athrú mór le déanamh ar ár gcuid feidhmíochta trí chách ag tarraingt le chéile chun díriú ar ár dtosaíochtaí, ag obair as lámha a chéile agus infheistiú i rudaí áirithe chun cuma na maitheasa a chur orainn as seo go ceann deich mbliana.

Oideachas don Todhchaí

Beidh an ollscoil seo ina rogha ollscoile a spreagann agus a thacaíonn lenár mic léinn ar a n-aistear foghlama le bheith ina gcéimithe den scoth. Léiríonn an sprioc seo ár n-uaillmhian choiteann díriú ar dhul chun cinn na mac léinn, rannpháirtíocht acadúil, feabhas teagaisc, folláine agus muintearas a fheabhsú.

Chun an sprioc uaillmhianach seo a bhaint amach, díreoimid ar fheidhmíocht a thiomáint sna bearta seo a leanas:

  • Rátaí dul chun cinn na mac léinn bliain ar bhliain
  • Leibhéil rannpháirtíochta na mac léinn
  • Earcú mac léinn ardfheidhmíochta
  • Dearadh nuálaíoch agus seachadadh clár
  • Forbairt ghairmiúil leanúnach na foirne teagaisc
  • Infhostaitheacht céimithe

Teastóidh rannpháirtíocht agus comhpháirtíocht cheart leis na mic léinn, béim ar fheabhas teagaisc, tacaíochtaí níos fearr do mhic léinn agus idirghabhálacha spriocdhírithe bunaithe ar shonraí chun na méadrachtaí seo a fheabhsú as seo go ceann cúig bliana.

Eagraíocht Éifeachtach agus Inbhuanaithe atá ina hAcmhainn don Phobal

Caithfear ár gclár claochlaithe gnó a chur i bhfeidhm chun ár n-uaillmhianta sa Taighde agus san Oideachas a bhaint amach. Trí dhianphróiseas bainistíochta cláir, déanfaimid monatóireacht agus tuairisciú leanúnach ar spriocanna a bheidh á gcur i gcrích.