Gradaim Aitheantais Speisialta Gaeilge bronnta ar scoláirí na Sraithe Sóisearaí

Jack Breheny ó Chólaiste Chnoc an tSamhraidh, Co Shligigh, agus an tOllamh Becky Whay, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir, Ollscoil na Gaillimhe.Aitheantas – Aengus McMahon.
Mar 23 2026 Posted: 11:48 GMT

Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.

D’fhreastail os cionn 400 scoláire as 64 scoil i gCo. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh i Halla Bailey Allen, Ollscoil na Gaillimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain siad amach. 

Áirítear na scoláirí seo i measc an 8.3% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 8.8% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa tSraith Shóisearach in 2025.

            Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Becky Whay: “Is mór an onóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain na scoláirí eisceachtúla seo amach sna scrúduithe ardleibhéil Gaeilge sa tSraith Shóisearach anuraidh, agus na gradaim seo a bhronnadh orthu.  Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn anseo in Ollscoil na Gaillimhe agus tá muid thar a bheith bródúil as na daoine óga cumasacha seo atá inár dteannta ag an ócáid speisialta seo tráthnóna inniu.”  

            Chuir Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, fáilte mhór roimh na scoláirí, a gclanna agus a gcuid múinteoirí agus dúirt sí: “Tá sé iontach ar fad go bhfuil ar ár gcumas éachtaí na scoláirí eisceachtúla seo a cheiliúradh.  Ba cheart go mbeidís an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu agus go mbeidís airdeallach freisin faoi na deiseanna a bheidh acu a bhuíochas don Ghaeilge sna blianta rompu.  Tugann sé ardú croí dúinn go bhfuil sárchumas sa nGaeilge ag an nglúin óg agus go gcinnteoidh siad gur ó neart go neart a thiocfaidh sí sna blianta romhainn. Comhghairdeas libh go léir.”

Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025. 

Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo ceithre bliana as a chéile agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories