Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós  in Ollscoil na Gaillimhe

Orla Ní Fhinneadha, Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint – Seán Ó Mainnín.
Jan 21 2026 Posted: 11:03 GMT

Cuirfidh Orla Ní Fhinneadha tús leis an dara sraith de cheardlanna amhránaíochta ar an sean-nós in Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe.

 Beidh na ceardlanna a reachtáil ar Dé Déardaoin, 29 Eanaír, agus 5, 12, 19, 26 Feabhra i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ag a 6pm.

 Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

 As an gCloich Mhór, Baile na hAbhann, ceapadh Orla mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis san ollscoil i 2025. Le go leor duaisanna buaite aici, tá sí ag gabháil don amhránaíocht ó thosnaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus sí ar bhunscoil. Bhí an-tionchar ag Máire uirthi chomh maith le hathair Orla féin, Jimi Ó Fhinneadha.

 Tá an-éileamh ar Orla mar mhúinteoir sean-nóis. Léiríodh na scileanna seo go soiléir sna físeáin a cruthaíodh do Cúla 4 ar Scoil ina raibh sí ag múineadh amhrán le linn thréimhse Covid. Tá Orla an-bhródúil go bhfuil go leor páistí fós ag breathnú agus ag foghlaim ó na hamhráin áille a thaifead sí i rith an ama sin.

        Deir an Dr Méabh Ní Fhuartháin, Ceann an Ionaid: “Is duine des na h-amhránaithe ár linne atá dírithe istigh ar an dtraidisiún í Orla. Tá saibhreas a ceanntair agus a clainn le clois i ngach aon nóta.”

 Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireannaigh, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

 Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@universityofgalway.ie.

 Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories