Ollscoil na Gaillimhe i gceannas ar Mhol ARC nua €34 milliún do Theicneolaíochtaí Sláinte

Thursday, 26 June 2025

ARC Hub
An tOllamh Garry Duffy, Ollamh Bunaithe le Nuálaíocht Teicneolaíochta Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe agus Stiúrthóir ar Mhol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte, ames Lawless, T.D., an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, agus Celine Fitzgerald, Taighde Éireann.

Tá sé mar aidhm ag clár Taighde Éireann luas a chur faoi dhul chun cinn taighde i réitigh cúraim sláinte tráchtála

An Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte faoi stiúir Ollscoil na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI

Beidh Ollscoil na Gaillimhe ina ceanncheathrú d'infheistíocht nua €34 milliún i réitigh theicneolaíochta cúraim sláinte faoi chlár Mhol ARC Taighde Éireann – faoi chlár Taighde Éireann, an Mol ARC – Ó Thaighde go Tráchtálú.

Rinne an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless T.D. fógra faoin Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte inniu agus is cuid de thionscnaimh níos leithne agus de dhámhachtainí maoinithe é chun tionchar tráchtála an taighde a thiomáint.

Tá an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte á stiúradh ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le ATU agus RCSI, agus beidh 23 tionscadal nuálaíochta atá faoi stiúir taighde ann ag an tús a roghnaíodh mar gheall ar a gcumas láidir chun torthaí othar a fheabhsú.

Tá an infheistíocht mhaoinithe shuntasach €34.3 milliún curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun áit a chinntiú do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair mar cheannaire náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse na Teicneolaíochta Leighis agus na nuálaíochta sláinte comhnasctha.

Is é príomhchuspóir Mhol ARC forbairt réigiúnach a thiomáint trí thaighde úrnua, ceannródaíoch a bhrú chun cinn agus é a ullmhú le haghaidh tionchar tráchtála agus ag an am céanna tacú le forbairt eolaithe agus innealtóirí fiontraíocha a bhfuil na scileanna acu chun deiseanna tráchtála a eascairt as taighde.

Tugann an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte saineolas cliniciúil agus tráchtála, taighde ceannródaíoch agus líonraí réigiúnacha le chéile chun réitigh tionchair a fhorbairt chun dul i ngleic le galair ainsealacha.

Beidh sé dírithe ar ionchlannáin chliste, ar fheistí leighis inchaite ardteicneolaíochta, ar bhraiteoirí nuálacha agus ar shamhaltú atá bunaithe ar intleacht shaorga agus ar mheaisínfhoghlaim.

Tacóidh an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte le foirne idirdhisciplíneacha, cuirfidh sé léargas rialála agus margaidh ar fáil, cuirfidh sé dlús faoi chonairí cliniciúla agus tráchtála agus forbróidh sé comhpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara tionscail agus cúraim sláinte. Feidhmeoidh sé mar mheán tástála náisiúnta le haghaidh aistriú nuálaíochta, ag treorú foirne taighde acadúla trí chéimeanna tábhachtacha i dtreo tráchtálaithe.

            Bhí an méid seo a leanas le rá ag James Lawless, T.D., an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta: “Cabhróidh Mol ARC Taighde Éireann do Theicneolaíochtaí Sláinte le nuálaíocht réigiúnach agus oiliúint fiontraíochta a athrú ó bhonn i réigiún an Iarthuaiscirt agus níos faide i gcéin. Agus feabhas á chur ar na héiceachórais cúraim sláinte agus teicneolaíochta acadúla-fiontraíochta atá ann cheana féin, cuirfidh an Mol ARC sraith tacaí tionchair ar an láthair ar fáil, a rachaidh chun tairbhe gach duine sa phróiseas – taighdeoirí, innealtóirí, teicneolaithe, monaróirí, cliniceoirí, lianna agus, go ríthábhachtach, othair. Is rud é soláthar agus seachadadh cúraim sláinte iomchuí agus éifeachtach atá íogair ó thaobh ama de. Beidh ról ríthábhachtach ag an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte i ndlús a chur faoi thráchtálú taighde agus réitigh shláinte a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo níos tapúla.”

            Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Tugann an infheistíocht seo aitheantas do chumhacht an chomhoibrithe réigiúnaigh agus neart ár bpobail ardoilte acadúil agus chliniciúil. Cé go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh ár réigiún – agus scór faoi bhun mheáin an AE agus na meán náisiúnta againn i dtaca le hiomaíochas réigiúnach – tá éiceachóras uathúil agus idirnáisiúnta againn ar féidir linn a fhorbairt, agus stair bhródúil againn as a bhfuil bainte amach againn i réimse leathan na teicneolaíochta sláinte. Cruthaíonn láithreacht fhadbhunaithe Ollscoil na Gaillimhe, lena n-áirítear ár n-acadaimh leighis, in éineacht le campais scaipthe ATU agus saineolas RCSI, comhghuaillíocht láidir. Cuirfidh an Mol ARC seo tionchar chun cinn san áit is mó a bhfuil gá leis agus trí oibriú le chéile, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chéanna agus leas a bhaint as an gcumas nuálaíochta atá cheana féin inár bpobail.”

            Dúirt an tOllamh Garry Duffy, Ollamh Bunaithe le Nuálaíocht Teicneolaíochta Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe agus Stiúrthóir ar Mhol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte: “Tá ríméad orainn saineolas réigiúnach agus náisiúnta a thabhairt le chéile i nuálaíocht sláinte comhnasctha. Is é ár sprioc réitigh a chruthú a athróidh an chaoi a ndéileálaimid le galair ainsealacha sa phobal. Is éard atá i gceist anseo ná eiseamláir dhomhanda a fhorbairt don Teicneolaíocht Leighis agus do nuálaíocht sláinte comhnasctha – fréamhaithe i réigiún Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann. Cuirfidh an Mol ar ár gcumas iarrachtaí atá ar bun cheana féin a mhéadú agus ardán comhordaithe go náisiúnta a fhorbairt chun tús áite a thabhairt do theicneolaíochtaí a fhéadfaidh feabhas a chur ar cháilíocht na beatha agus ar chúram. Cuid lárnach den Mhol ARC is ea 23 tionscadal nuálaíochta atá roghnaithe mar gheall ar a gcumas láidir torthaí othar a fheabhsú. Rachaidh gach ceann acu faoi mhearchosán ón taighde go dtí an margadh, atá deartha chun réitigh a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo níos tapúla."

            Dúirt an tOllamh Aoife Lowery, Ollamh le Máinliacht in Ollscoil na Gaillimhe, Stiúrthóir na Saoráide Taighde Cliniciúla i nGaillimh agus Ceannaire Cliniciúil ar Mhol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte: “Is é an aidhm atá againn ná an eolaíocht cheannródaíoch a nascadh leis na daoine agus na córais ar féidir leo í a úsáid ar mhaithe le leas na n-othar. Trí léargas cliniciúil a chur san áireamh ó na céimeanna is luaithe den nuálaíocht, tacóimid le teicneolaíochtaí a bhfuil tionchar acu agus ar féidir iad a chur i bhfeidhm i suíomhanna cúraim sláinte an tsaoil.”

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíochta & Cumarsáide, NUI Galway
« Back


Featured Stories