Bronnann an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Cartlann an Uachtaráin ar Ollscoil na Gaillimhe

Friday, 6 June 2025

Ollscoil na Gaillimhe
Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn lena bhean chéile Sabina agus Catriona Cannon, Ceannasaí na mBailiúchán Oidhreachta agus an Digitithe i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe, agus Monica Crump, Leabharlannaí na hOllscoile. Foinse na nGrianghraf: Andrew Downes/Xposure

Ócáid cheiliúrtha ag comóradh an deonacháin agus athainmniú an Aula Maxima in ómós don Uachtarán

Tá fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe inniu go bhfuil Cartlann Uachtaránachta an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUigínn, bronnta uirthi, chomh maith le leabhair óna bhailiúchán pearsanta.

Áirítear leis na cáipéisí sa chartlann páipéir phearsanta, scríbhinní agus comhfhreagras agus beidh siad á gcoimeád i gCartlanna agus Bailiúcháin Speisialta Leabharlann na hOllscoile.

Fógraíodh an deonachán go foirmiúil ag ócáid cheiliúrtha speisialta in Ollscoil na Gaillimhe áit ar cuireadh fáilte roimh an Uachtarán Ó hUigínn, in éineacht lena bhean chéile Sabina, ar ais chuig a alma mater. Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht, is i nGaillimh a bhí sé i mbun staidéir agus i mbun teagaisc.

Reáchtáladh an ócáid san Aula Maxima i gCearnóg Ollscoil na Gaillimhe, ar athainmníodh é mar Halla Mhíchíl D. Uí Uigínn mar chuid den cheiliúradh.

Nochtadh portráid den Uachtarán Ó hUigínn a rinne an t-ealaíontóir Colin Davidson freisin. Beidh an phortráid seo ar taispeáint don phobal i mbailiúchán ealaíne na hOllscoile.

Bhí an ceiliúradh á óstáil ag Cathaoirleach Údarás Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Máire Geoghegan-Quinn agus an tOllamh Peter McHugh, Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe.

     Seo mar a labhair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn "Cúis áthais dom a fhógairt go foirmiúil go mbeidh mo chartlann scríbhinní agus cáipéisí ó mo théarmaí Uachtaránachta á gcoimeád in Ollscoil na Gaillimhe a bhuíochas le comhoibriú leis an institiúid sin.

 

Coinneofar na comhaid seo go sábháilte as seo amach i gCartlann agus Bailiúcháin Speisialta Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe agus beidh rochtain orthu ann sa todhchaí ag taighdeoirí ar spéis leo saol polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha na tíre i gcaitheamh na tréimhse sin. Seans go dtabharfaidh na comhaid sin spléachadh ar mo chuid smaointeoireachta, air sin a thug spreagadh dom agus ar na húdair frustrachais a bhí agam. Is ionann iad agus na sonraí pearsanta a chuir bonn faisnéise le mo chuid óráidí, ráitis agus ábhar scríofa eile le 14 bliana anuas agus mé mar Uachtarán na hÉireann.

 

Taitníonn an léitheoireacht thar cionn liom agus tá bailiúchán suntasach leabhar agam agus anuas ar na comhaid don chartlann, tugann sé an-sásamh dom cuid den bhailiúchán sin a bheith á bhronnadh agam ar an Ollscoil i láthair na huaire. Áirítear sa bhailiúchán sin cóipeanna de leabhair a fuair mé do mo thaighde pearsanta féin lena n-áirítear roinnt imleabhar a bhfuil go leor nótaí scríofa agam orthu agus a bhí ina lón machnaimh dom le linn dom a bheith i mo léachtóir san Ollscoil agus ina dhiaidh sin agus mé i m'Uachtarán. Tá go leor leabhar sa bhailiúchán freisin a tugadh dom mar bhronntanas ó raon leathan foinsí agus mé i mbun dualgais áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Comóradh ar eachtraí stairiúla atá i gcuid de na leabhair ar ar fhreastail mé féin orthu i gcáil oifigiúil.

 

Tá sé tábhachtach dom féin go mbeadh an Aula Maxima sa Chearnóg – an halla clúiteach sin a bhfuil sé d'onóir agam anois a bheith ceangailte leis mar 'Halla Mhichíl D. Uí Uigínn’ – oscailte i gcónaí agus inrochtana don phobal, dóibh siúd a chónaíonn i nGaillimh, d'fhoireann agus mic léinn na hOllscoile agus do chuairteoirí agus do thurasóirí. Tá mé an-sásta cloisteáil mar sin gur spás a bheidh ann a úsáidfear ní díreach d'ócáidí ollscoile ach d'eachtraí poiblí eile cosúil le Féile Ealaíon na Gaillimhe, mar shampla.

 

Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Is onóir agus pribhléid dom an ról seo a bheith agam ar an lá a bhfógraíonn Ollscoil na Gaillimhe deonachán Chartlann Uachtaránachta an Uachtaráin Uí Uigínn. Tá áit speisialta ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcroí agus in aigne phobal na hOllscoile seo. Deis mhachnaimh dúinn an deonachán seo a bheith faighte againn, chomh maith leis an mbealach atá romhainn a mheas. Agus muid ag glacadh seilbhe ar bhailiúchán páipéar chomh luachmhar seo, tá deis faoi leith againn inspreagadh a thabhairt do mhic léinn agus do thaighdeoirí.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Monica Crump, Leabharlannaí na hOllscoile: “Fíorscoláire is ea an tUachtarán Ó hUigínn agus tá dúil mhór aige i leabhair agus an-tuiscint aige ar thábhacht na léitheoireachta.  Cuireann a chartlann agus a chuid leabhar ar ár gcumas spléachadh a fháil ar a scoláireacht. Tá nasc díreach idir na leabhair seo, a bhfuil rian a láimh agus a chuid peannaireachta ar go leor acu, agus a chuid oibre mar Uachtarán agus na hábhair a bhí faoi chaibidil aige ina chuid óráidí. Is mór an phribhléid é go bhfuil an cinneadh déanta aige a chartlann Uachtaránachta agus sciar dá bhailiúchán leabhar a bhronnadh ar Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe. Údar bróid dúinn gur muid atá roghnaithe le bheith inár gcaomhnóirí dá oidhreacht, agus spreagadh á fháil dá bharr ag glúnta mac léinn agus scoláirí aisti sa todhchaí.”

Deir Catriona Cannon, Ceannasaí na mBailiúchán Oidhreachta agus an Digitithe i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe: “Tá ról gníomhach agus bríomhar glactha ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn i saol sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil na Gaillimhe ó bhí sé ina mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an tionchar nach beag atá imeartha aige ar shaol na hOllscoile le feiceáil sa leabharlann cheana féin agus is pribhléid dúinn anois a pháipéir phearsanta óna thréimhse mar Uachtarán na hÉireann a chur leis an ábhar sin. Táimid ag súil go mbeidh a oidhreacht ina inspioráid dár bhfoireann agus dár mic léinn sna blianta amach romhainn.”

Roimh an ócáid cheiliúrtha, rinneadh dhá phainéal a shuiteáil taobh istigh de ‘Halla Mhichíl D. Uí Uigínn’ atá nua-ainmnithe. Tá sonraí beathaisnéiseach ar cheann de na painéal a cuireadh i dtoll a chéile le cabhair ón Dr John Cunningham, léachtóir Staire ar scor in Ollscoil na Gaillimhe. Tá grianghraf den Uachtarán Ó hUigínn nuair a bhí sé ina ghníomhaí ar an dara ceann, agus téacs ón dán a scríobh sé 'Of Saturdays Made Holy', dán a tiomnaíodh do Mary McPartlan, ar iarchomhalta foirne d’Ollscoil na Gaillimhe í agus cara mór leis an Uachtarán Ó hUigínn.

 

Maidir leis an gcartlann - Bailiúchán Mhíchíl D. Uí Uigínn

Tá léargas as an ngnách le fáil i gcartlann an Uachtaráin Uí Uigínn, a bhfuil dhá théarma uachtaránachta iomlána i gceist leis, ar shaol agus ar shaothar naoú Uachtarán na hÉireann, agus meascán saibhir dá pháipéir phearsanta óna théarma oifige. Áirítear leis dréachtaí d’óráidí a ndearna sé mioneagarthóireacht orthu, agus a nótaí lámhscríofa féin le feiceáil orthu mar aon lena chomhfhreagras pearsanta le líonra leathan agus éagsúil daoine.

Breis agus 150 bosca atá i gceist leis an gcartlann, agus is é an Cartlannaí, Kieran Hoare, a dhéanfaidh catalógú orthu.

Fanfaidh na taifid oifigiúla a bhaineann le téarmaí oifige an Uachtaráin Uí Uigínn i seilbh an Stáit agus aistreofar chuig an gCartlann Náisiúnta iad.

Tá dhá chartlann Uachtaránachta shuntasacha eile á gcoimeád ag Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe in éineacht le Bailiúchán Mhíchíl D. Uí Uigínn: páipéir an iarUachtaráin, Máire Mhic Róibín, chomh maith le roinnt bailiúchán a bhaineann le Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann.

Tá an bailiúchán seo sa bhreis ar bhailiúcháin eile na Leabharlainne ina luaitear an tUachtarán Ó hUigínn go minic, agus ina dtagraítear dá chaidreamh fadbhunaithe leis an Ollscoil, dá thacaíocht leanúnach do na healaíona, dá ról lárnach sna hócáidí comórtha náisiúnta le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus dá dhíograis dhiongbháilte do chearta an duine agus don chomhionannas.

Is iad na tréithe is mó atá le haithint sna cartlanna seo an cheannaireacht, déine intleachtúil, maoirseacht chultúrtha chomh maith le seirbhís phoiblí arna treorú ag fís.

Anuas ar a bhailiúchán cartlainne, tá an tUachtarán Ó hUigínn i mbun sciar dá bhailiúchán leabhar a aistriú chuig an Ollscoil faoi láthair.

Tugann Leabharlannaí na mBailiúchán Speisialta, Marie Boran, faoi deara go n-áirítear leis seo leabhair a bronnadh air le linn a Uachtaránachta, chomh maith le go leor leabhar a fuair an tUachtarán dá thaighde pearsanta féin, lena n-áirítear imleabhair a bhfuil go leor nótaí orthu agus a chuir bonn faisnéise faoina smaointeoireacht le linn dó a bheith ina léachtóir Ollscoile anuas go dtí a thréimhse mar Uachtarán.

Nuair a bheidh sé catalógaithe, beidh an chartlann agus na leabhair araon inrochtana le haghaidh taighde ag baill den phobal i Seomra Léitheoireachta na gCartlann agus na mBailiúchán Speisialta sa Leabharlann.

Tagann deonachán seo Chartlann Uachtaránachta Mhichíl D. Uí Uigínn d'Ollscoil na Gaillimhe sna sála ar na páipéir óna thréimhse sa saol poiblí atá bronnta ag an Uachtarán cheana féin ar Chumann Staire Lucht Saothar na hÉireann i dTor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath agus ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maidir lena chuid oibre le Páirtí an Lucht Oibre agus i dTithe an Oireachtais faoi seach.

Is é mian an Uachtaráin é, agus na hinstitiúidí uile ar aon intinn leis maidir leis seo, go mbeidh rochtain éasca ag scoláirí ar na trí chartlann agus go mbeidh cur chuige oscailte agus comhoibríoch idir na trí eagraíocht i ndáil leo.

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid , NUI Galway
« Back


Featured Stories