Stiúrthóir Nua Spóirt agus Folláine Coirp Ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe

Tá Des Ryan ceaptha ina Stiúrthóir nua Spóirt agus Folláine Coirp. Grianghraf – Martina Regan
May 01 2024 Posted: 09:30 IST

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil Des Ryan ceaptha ina Stiúrthóir nua Spóirt agus Folláine Coirp.

Ina ról mar Stiúrthóir Spóirt agus Folláine Coirp, beidh Des Ryan i gceannas ar bhainistíocht straitéiseach cúrsaí spóirt agus folláine coirp san Ollscoil, lena n-áirítear forbairt bonneagair, áiseanna agus rannpháirtíochta in imeachtaí spóirt den uile chineál.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Cuireann sé lúcháir orainn duine mar Des Ryan, leis an taithí fhairsing atá aige, a bheith againn chun ceannaireacht a thabhairt ar fhorbairt cúrsaí spóirt agus folláine coirp san Ollscoil. Béarfaidh Des Ryan raidhse eolais, taithí agus léargas leis chuig an Ollscoil, gnóthaithe ó shacar an Premier League, ó rugbaí idir-chúige agus idirnáisiúnta, ó na cluichí Gaelacha agus ón saineolas atá aige ar an eolaíocht spóirt. Aithnímid an caidreamh atá idir feidhmíocht acadúil, sláinte agus folláine, agus cuimhnímid go minic ar ár mbunluachanna – barr feabhais, ómós agus oscailteacht – nuair a labhraímid ar thábhacht an spóirt agus na gníomhaíochta coirp.  Táim ag súil le bheith ag obair leis agus lena chomhghleacaithe spóirt chun cur leis na deiseanna a bhíonn ag ár mic léinn agus leis na héachtaí a bhaineann siad amach.”

Agus í ag tréaslú le Des Ryan ar a cheapachán, dúirt Déan na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciara Meehan: “Táimid an-sásta duine mar Des Ryan, leis an taithí agus an cúlra atá aige, a bheith againn chun ár gcáil mar cheann de na hinstitiúidí tríú leibhéil is fearr ó thaobh an spóirt de a threisiú agus a fhorbairt. Bainisteoir aitheanta spóirt é Des Ryan a chuirfidh a phaisean don spórt agus a thiomantas don chuimsiú agus don éagsúlacht lena ghealltanas tacaíocht a thabhairt do na lúthchleasaithe is fearr agus sláinte agus folláine na mac léinn agus na gcomhaltaí foirne go léir a chur chun cinn. Táimid ag súil go mór lenár láidreachtaí agus éachtaí spóirt a threisiú i gcónaí."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Des Ryan faoina cheapachán: “Tá áthas an domhain orm a bheith ag teacht go hOllscoil na Gaillimhe. Táim ag súil le bheith ag obair le pobal na hollscoile ar fad, idir mhic léinn agus chomhaltaí foirne, chun plean ardaidhmeannach le dhá sprioc ar leith a chur i dtoll a chéile: folláine coirp gach duine dár bpobal ollscoile a fheabhsú, agus cuidiú le pobal spóirt na hollscoile barr a gcumais a bhaint amach. Oibreoidh mé leis na mic léinn, na comhaltaí foirne agus na hoibrithe deonacha go léir chun timpeallacht fholláin a chothú in Ollscoil na Gaillimhe, timpeallacht ina mbeidh gach duine ar a suaimhneas agus a ligeann dóibh a bhfolláine coirp agus a n-acmhainneacht spóirt a threisiú.

“Ba bhreá liom labhairt le céimithe nó daoine eile sa phobal i gcoitinne a mbeadh spéis acu obair i bpáirt linn mar oibrithe deonacha nó tacú le tionscadail spóirt agus gníomhaíochta coirp na hOllscoile.” 

As Eachroim i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas dó, is cóitseálaí óige agus bainisteoir feidhmíochta den chéad scoth é Des Ryan, agus tá cáil dhomhanda air mar chainteoir agus mar chleachtóir i bhforbairt lúthchleasach na hóige.

Sular tháinig sé ar fhoireann na hOllscoile, bhí sé ina Stiúrthóir Cóitseála agus Forbartha Lúthchleasaí le Setanta College; bhí sé ina Cheann Míochaine Spóirt agus Forbartha Lúthchleasaí le hAcadamh Chlub Peile Arsenal; bhí sé ina Cheann Nirt agus Aclaithe le foireann rugbaí Chonnacht; agus ina Chóitseálaí Nirt agus Aclaithe agus Bainisteoir ar Oiliúint Chorpacmhainne leis an IRFU.

Thar na blianta, tá cuireadh faighte ag Des Ryan labhairt ag comhdháil UKSCA – Comhlacht Gairmiúil na Ríochta Aontaithe maidir le Neart agus Aclú – comhdháil Chumann Nirt agus Aclaithe na hAstráile (ASCA), comhdháil an Chumainn Náisiúnta Nirt agus Aclaithe (NSCA) agus go leor eile ar fud an domhain. Lena chois sin, bhí sé ina shainchomhairleoir do Rugbaí an Domhain, do Brentford FC agus don Acadamh Náisiúnta Cruicéid in India. Tá dlúthchaidreamh ag Des le pobal na gcluichí Gaelacha chomh maith, agus é ina bhall de Ghrúpa Oibre na hEolaíochta Spóirt agus den Ghrúpa Oibre Comhairleach don Chóitseáil. 

Tá Máistreacht ag Des Ryan sa Neart agus Aclú, agus is Cóitseálaí Creidiúnaithe Nirt agus Aclaithe é le UKSCA. Ina theannta sin, tá Creidiúnú sa Spórt Ardfheidhmíochta aige ó Chumann Eolaíochta Spóirt agus Aclaíochta na Breataine, agus is eolaí cairte é freisin. 

Tá breis is 40 club spóirt – iad uile faoi stiúir na mac léinn – gníomhach in Ollscoil na Gaillimhe agus glacann breis is 6,000 mac léinn páirt in imeachtaí spóirt agus gníomhaíochta coirp san Ollscoil.

Críoch

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories