Taithí phraiticiúil agus idirghníomhach le fáil ag Lá Oscailte Ollscoil na Gaillimhe

An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Mar 04 2024 Posted: 11:04 GMT

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do mhic léinn ionchasacha, do thuismitheoirí, múinteoirí gairmthreorach agus do mhúinteoirí cuairt a thabhairt ar an gcampas do lá oscailte fochéime an earraigh a bheidh ar siúl go luath. 

 Beidh an lá oscailte ar siúl Dé Sathairn, an 9 Márta, ó 9am go dtí 3pm agus deis an-mhaith atá ann do dhaltaí na hArdteiste, an Chúigiú Bliain agus na hIdirbhliana léargas maith a fháil ar na cúrsaí atá ar fáil agus ar a bhfuil ag fanacht orthu sa saol oibre tar éis dóibh céim a bhaint amach. 

 Reáchtálfar imeachtaí idirghníomhacha speisialta ar an lá oscailte agus tairgfear eispéiris phraiticiúla i gcuid de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaí dá bhfuil ann.  

 Cuireann an Ollscoil os cionn 60 cúrsa fochéime ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta i réimsí cosúil le Leigheas, Altranas, na hEolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin agus tugann naoi as deich gcúrsa deis do mhic léinn tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear, rud a chinntíonn go mbeidh céimithe réidh don ionad oibre agus go mbeidh tóir ag fostóirí sa bhaile agus thar lear orthu.  
 

Beidh cúig zón taispeántais ann ar an lá oscailte agus tá clár cuimsitheach cainteanna eagraithe, agus níos mó ná 60 cur i láthair beartaithe faoi na cúrsaí, ábhair, gairmeacha agus tacaíochtaí atá ar fáil do mhic léinn.  

 Gné speisialta de na laethanta oscailte seo is ea rochtain a bheith ar fáil ar roinnt de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaí dá bhfuil ag an Ollscoil, agus taithí phraiticiúil a fháil orthu, lena n-áirítear: 

  • Beidh spéis acu siúd atá ag féachaint le leigheas a dhéanamh sa todhchaí, agus ag a dtuismitheoirí, sa turas idirghníomhach de na háiseanna ionsamhlúcháin cúraim sláinte den chéad scoth atá lonnaithe i bhfoirgneamh na hInstitiúide Eolaíochta Cliniciúla. Tosóidh an turas ag 9:45am agus tiocfaidh na rannpháirtithe le chéile lasmuigh den Zón Dearg. Ní mór clárú ag Seastán 2 sa Zón Dearg roimh ré. 
  • Beidh Bréagchúirt Scoil an Dlí oscailte do chuairteoirí, agus reáchtálfar cúig thuras ar an lá. An aidhm atá leis an mBréagchúirt eispéireas éisteachta cúirte a mhacasamhlú dár gcuid mac léinn. Is féidir áit a chur in áirithe ag an Seastán Dlí sa Zón Oráiste ar an lá.  
  • Tá zóin idirghníomhacha á dtairiscint ag Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta chun tuilleadh eolais a fháil faoi chonairí oideachais agus cúrsaí ó 9am go dtí 3pm sa Zón Glas (Innealtóireacht) agus sa Zón Corcra (Eolaíocht agus Ríomheolaíocht). Is féidir leis na cuairteoirí siúd ar spéis leo an fhisic turas a fháil de na háiseanna teagaisc sa tsaotharlann fisice ag 12pm nó 2pm. Is féidir áit a chur in áirithe ó 10am ag an Seastán Fisice sa Zón Corcra.  
  • Fearfar fáilte roimh chuairteoirí a bheith páirteach i Máistir-Rang Drámaíochta, ar ceardlann drámaíochta phraiticiúil í trínar féidir blaiseadh a fháil de chéim na hOllscoile i Léann na Drámaíochta, na hAmharclannaíochta agus an Taibhléirithe. Is féidir áiteanna sa Mháistir-Rang a chur in áirithe ag an Seastán Drámaíochta sa Zón Oráiste ar an lá. Beidh dhá thuras threoraithe d’Ionad Uí Dhonnchadha ann chomh maith ag 11:30am agus 2pm. Tiocfaidh rannpháirtithe le chéile i bhforhalla Ionad Uí Dhonnchadha sa zón gorm. 
  • Téigh ar cheann amháin dár dtrí thuras campais chun an t-eispéireas campais iomlán a fháil. Tosóidh na turais sin ón gCearnóg. Mairfidh na turais thart ar uair an chloig agus is iad ár nAmbasadóirí Mac Léinn a bheidh ina mbun. 

 

Áirítear le sceideal na laethanta oscailte freisin seisiúin eolais a chabhróidh le daltaí agus le tuismitheoirí ullmhú don choláiste agus ina measc tá cainteanna ar Shaol na Mac Léinn, Spórt agus Staidéar Thar Lear.  

 Eagróidh an tIonad Rochtana seisiúin ar bhealaí iontrála eile, ar thacaíochtaí do mhic léinn lánfhásta agus ar an mbealach iontrála QQI/FETAC/PLC.  

 Tugtar cuireadh do thuismitheoirí freastal ar Chaint na dTuismitheoirí a bheidh ar siúl ag 11.30am áit a mbeidh comhairle agus treoir le fáil ar an gcaoi ar féidir le tuismitheoirí tacú lena gclann agus iad ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal.   

 Leag Sarah Geraghty, an Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana, béim ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna a sholáthar do dhaltaí chun an campas a fheiceáil agus smaoineamh ar a gcuid staidéir amach anseo: "An aidhm atá ag an lá oscailte blaiseadh de shaol an choláiste a thabhairt do dhaltaí agus tá súil againn go dtuigfidh siad go mbeidh deiseanna iontacha acu sa todhchaí má roghnaíonn siad staidéar san ollscoil seo. Rangaíodh Ollscoil na Gaillimhe i measc an 2% is fearr d'ollscoileanna ar domhan, i measc an 100 ollscoil is fearr san Eoraip chomh maith le bheith sa 34ú háit ar domhan, agus sa chéad áit in Éirinn, de réir Ranguithe Tionchair Times Higher Education (THE) as an dul chun cinn atá déanta aici i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a chur chun cinn. Tá ár léachtóirí, comhaltaí foirne agus mic léinn ag súil le bualadh leis na daltaí meánscoile atá ag cuimhneamh ar staidéar anseo agus cabhrú leo cíoradh a dhéanamh ar na conairí éagsúla staidéir agus gairme atá rompu san ollscoil seo.  

 Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag www.universityofgalway.ie/opendays, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie 

 Críoch 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories