Cúrsaí atá maoinithe go hiomlán agus cúrsaí fóirdheontais fógartha dóibh siúd atá dífhostaithe agus do dhaoine gairmiúla

Grianghraf – Ó chlé, Mary Kearns, Medtronic, an tOllamh Jonathan Levie, Ollscoil na Gaillimhe, Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh, Ollscoil na Gaillimhe, agus Denise Rocks, Scileanna Réigiúnacha an Iarthair. Creidiúint – Martina Regan.
Jun 10 2024 Posted: 10:03 IST

 

Tá a hoíche eolais bhliantúil d'fhoghlaimeoirí fásta fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe agus is iomaí deis atá ann do dhaoine gairmiúla, dóibh siúd atá dífhostaithe agus dóibh siúd atá ag filleadh ar an obair tabhairt faoi ghearrchúrsaí nó faoi staidéar níos fadtéarmaí. 

Is é an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh a reáchtálann an ócáid bhliantúil ar an gcampas agus beidh sí ar siúl i mbliana Déardaoin, an 20 Meitheamh 2024 ó 5.30-7.30pm san Áras Bitheolaíochta Daonna. 

Áirítear le cúrsaí páirtaimseartha don bhliain acadúil 2024/25 cúrsaí Springboard+ agus Tionscnamh Caipitil Dhaonna dóibh siúd atá dífhostaithe nó ag filleadh ar an obair, ar cúrsaí iad atá maoinithe go hiomlán, agus cúrsaí a bhfuil maoiniú 90% i gceist leo dóibh siúd atá fostaithe ach ar mian leo cur lena gcuid scileanna. 

Tá cúrsaí nua ann i mbliana, cúrsaí micridhintiúr a mbaineann fóirdheontais speisialta leo ar fiú idir 50% agus 80% den táille cúrsa iad agus a thugann aghaidh ar scileanna i bpríomhréimsí tosaíochta, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, inbhuanaitheacht, tógáil agus pleanáil, intleacht shaorga, cibearshlándáil, TFC, agus innealtóireacht leictreonach.  

Deis atá san ócáid seo do mhic léinn fhéideartha bualadh le hionadaithe ónár gcúrsaí páirtaimseartha, lena n-áirítear i réimse an Ghnó agus na Bainistíochta, na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta, na dTeangacha, na nDán agus na nDaonnachtaí, Oideachais Pobail mar aon le cúrsaí réamhollscoile.  

            Dúirt Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh, Ollscoil na Gaillimhe: "Tá conairí foghlama solúbtha cruthaithe againn d'fhoghlaimeoirí, bíodh gearrchúrsa creidiúnaithe ag teastáil uathu, nó cúrsa níos fadtéarmaí. Beidh deis ann do dhaoine ar spéis leo cúrsa a dhéanamh bualadh le hionadaithe ónár gcúrsaí páirtaimseartha chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na buntáistí a bhaineann lenár ndeiseanna foghlama solúbtha atá maoinithe anois, chomh maith le seans a fháil éisteacht lena bhfuil le rá ag ár gcéimithe agus ár gcuid mac léinn faoin gcaoi cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a bhaint amach." 

Beidh deis ag mic léinn ionchasacha freastal ar chainteanna faoi chúrsaí páirtaimseartha agus micridhintiúr, tuiscint a fháil ar Leibhéil NFQ agus dul i ngleic leis an bpróiseas trína dtugtar Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL) agus an chaoi ar féidir leis tacú le hincháilitheacht don staidéar. Beidh ár bhForbróir Ábhair Ilmheáin i láthair chun sainchomhairle a chur ar mhic léinn faoin bhfoghlaim ar líne agus roinnfidh an Fhoireann Forbartha Gairmeacha comhairle agus acmhainní a thacóidh leat agus tú i mbun machnaimh faoi do chéad chéim eile.  

Tá liosta de na cúrsaí Springboard+ atá faofa do 2024/25 anseo agus ár liosta reatha micridhintiúr anseo. Beidh Seirbhísí Tacaíochta do Mhic Léinn i láthair don oíche eolais chomh maith chun aon cheist a d'fhéadfadh a bheith ag foghlaimeoirí a fhreagairt agus iad i mbun cinntí a dhéanamh faoi roghanna cúrsaí. 

Téigh chuiguniversityofgalway.ie/adultlearning/info_eve chun tuilleadh eolais a fháil faoin oíche eolais agus chun clárú. 

Críoch 

Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories