Tá Ollscoil na Gaillimhe rangaithe i measc an 100 Ollscoil is Fearr san Eoraip 

An Chearnóg, Ollscoil na Gaillimhe
Jul 10 2024 Posted: 10:38 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe ainmnithe mar cheann de na hOllscoileanna is fearr san Eoraip, de réir Ranguithe Ollscoile QS an Domhain: An Eoraip 2025. 

Tá Ollscoil na Gaillimhe curtha sa 98ú háit don dara bliain as a chéile as beagnach 700 institiúid i níos mó ná 40 suíomh sna ranguithe uile-Eorpacha seo. 

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá pobal agus cultúr na hollscoile le moladh go hard, mar atá ár dteagasc, foghlaim agus taighde, as bheith rangaithe i measc an 100 ollscoil is fearr san Eoraip don dara bliain as a chéile agus as bheith aitheanta mar an ollscoil is fearr in Éirinn agus i measc na n-ollscoileanna is fearr ar domhan maidir le hinbhuanaitheacht. 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine ar fud na hOllscoile as a n-iarrachtaí leanúnacha chun a chinntiú gur ollscoil ar mhaithe leis an bpobal an Ollscoil seo againne, agus muid dílis dár luachanna, mar atá meas, barr feabhais, oscailteacht agus inbhuanaitheacht. Ní gá a rá gur láthair foghlama agus thaighde muid. Ach tá níos mó ná sin i gceist linn. Is ar na daoine atá pobal na hollscoile bunaithe, agus áirítear leis mic léinn, comhaltaí foirne, an lucht acadúil, taighdeoirí agus teicneoirí agus an iliomad daoine eile a choinníonn i mbun feidhme muid ó cheann ceann na bliana. Tá go leor dul chun cinn déanta againn le blianta beaga anuas a bheith níos forásaí agus spás a dhéanamh dár n-ollscoil agus dár gcuid oibre ag an leibhéal idirnáisiúnta. Guím rath leanúnach ar gach duine agus muid i mbun na hoibre sin.  

 “Tá an-áthas orainn chomh maith trí ollscoil de chuid na hÉireann a bheith i measc an 100 ollscoil is fearr san Eoraip, agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath san áireamh in éineacht le hOllscoil na Gaillimhe. Léiriú é sin ar chumas an phobail acadúil agus taighde feidhmiú go rathúil d’ainneoin na ndúshlán maoinithe atá roimh an earnáil.”  

 Tógann an t-aitheantas atá faighte ag Ollscoil na Gaillimhe i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain: An Eoraip 2025 chomh maith ar an gcáil atá tuillte ag an Ollscoil le blianta beaga anuas as a bhfuil bainte amach aici i réimse na hinbhuanaitheachta – d’éirigh léi a stádas mar an ollscoil is fearr in Éirinn a choinneáil sna Ranguithe Tionchair Times Higher Education (THE); tá sí i measc na gcúig ollscoil is fearr san AE, agus i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan maidir le dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna). 

 

Tá tuilleadh eolais ar Ranguithe Ollscoile QS: An Eoraip 2024 ar fáil ag https://www.topuniversities.com/europe-university-rankings 

Críoch 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories