Bailiúchán O’Gorman bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe

Ben O’Gorman, mac le bunaitheoir an Galway Advertiser, Ronnie O’Gorman in éineacht le Monica Crump, Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe le linn do mhíreanna as Bailiúchán Ronnie O’Gorman, céad eagrán Ulysses san áireamh, a bheith á gcur ar taispeáint tar éis a mbronnta ar Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint: Mike Shaughnessy
Jul 22 2025 Posted: 10:10 IST

I measc bailiúchán bhunaitheoir an Galway Advertiser tá céad eagrán de Ulysses le James Joyce agus eagrán eile arna mhaisiú agus arna shíniú ag Matisse  

 Bronnadh bailiúchán liteartha Ronnie O’Gorman, nach maireann, fear gnó, staraí áitiúil agus pátrún na n-ealaíon ar Ollscoil na Gaillimhe le gairid. 

 Chuir Ronnie O'Gorman, ar bunaitheoir agus foilsitheoir an Galway Advertiser é, bail críche ar an tiomnacht sular bhásaigh sé i mí Bealtaine 2024. Coinneofar i Leabharlann na hOllscoile é mar chuid de na Bailiúcháin Speisialta.  

 Tá coimeád cáiréiseach déanta den bhailiúchán agus is iomaí saothar neamhchoitianta agus suntasach atá ann. Léiríonn an bailiúchán seo an tuiscint dhomhain a bhí aige ar scríbhneoireacht na hÉireann agus ar stair na foilsitheoireachta sa tír seo, mar aon leis an spéis mhór a bhí aige i gcaitheamh a shaoil i gcur chun cinn litríocht agus ealaíon na hÉireann. 

 Cuimsítear sa bhailiúchán seo trí ghlúin de mhuintir O'Gorman agus tugann go leor de na leabhair le fios an spéis a bhí ag an teaghlach i stair na Gaillimhe, ar scríobh Ronnie go leor uirthi.  

 Bronnadh an bailiúchán ar Ollscoil na Gaillimhe ag ócáid speisialta sa Leabharlann níos luaithe i mbliana ar fhreastail Ronnie O'Gorman agus a chlann uirthi, chomh maith le cairde agus daoine eile ar oibrigh sé leo.  

 San áireamh sa bhailiúchán seo tá céad eagrán de Ulysses le James Joyce; cóip amháin de 250 cóip sínithe de chéad eagrán de Ulysses a d'fhoilsigh an New York Limited Editions Club agus a ndearna an t-ealaíontóir Francach Henri Matisse na maisiúcháin dó, agus é sínithe ag an ealaíontóir agus ag Joyce féin; agus cóip de The Aran Islands, le John Millington Synge, ina bhfuil 12 léaráid lámhdhaite le Jack B. Yeats, ar saothar é ar cuireadh síos air san Oxford Dictionary of National Biography mar ‘the great prose manifesto of the Irish literary revival.  

 Chomh maith leis na leabhair níos teirce agus áille a bhailigh Ronnie O’Gorman, a athair Frank agus a sheanathair Philip, a d'oibrigh mar Chléireach Leabharlainne in Ollscoil na Gaillimhe ag deireadh an 19ú haois, tá dhá phéintéireacht ón 19ú haois de chuid Walter Osborne ann - Galway Fowl Market agus Galway Fish Market. 

 Bhí an méid seo le rá ag Ben O’Gorman, mac le Ronnie O’Gorman: Tá an-áthas ar an teaghlach go rabhamar in ann an bailiúchán a choinneáil le chéile agus go bhfuil sé bronnta ar an Ollscoil anois, áit a dtabharfar an meas a ba dhual dó air. Bhain Ronnie an oiread sásaimh as a bhailiúchán a choimeád. Ba é mórshaothar a shaoil é agus is iontach an oidhreacht é a bheith in ann é a choinneáil le chéile don todhchaí in aon áit amháin le go mbeidh daoine eile in ann tairbhe a bhaint as.  

 Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: "Bronntanas iontach do phobal na hOllscoile is ea Bailiúchán O'Gorman agus is tráthúil agus cóir é gur sa Leabharlann seo againne a mbeidh sé á choimeád, an áit ar oibrigh seanathair Ronnie O'Gorman, Philip.  Bhí géarchúis as an ngnách i gceist le Ronnie O'Gorman agus léirigh sé a fhadradharcaí a bhí sé nuair a bhunaigh sé an Advertiser agus nuair a thuar sé an bhraistint pobail a d'fhorbródh i nGaillimh mar thoradh air.  Agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar an deonachán álainn seo, is mór agam na cuimhní atá agam ar an lá sin i gcomhluadar Ronnie ar an gcampas ag tús na bliana 2024, lá a raibh an fhlaithiúlacht, braistint pobail agus atmaisfeár ar leith le haireachtáil ann, arb iad na tréithe a chuirfeadh síos ar Ronnie O'Gorman féin. 

  Dúirt Leabharlannaí Ollscoil na Gaillimhe, Monica Crump:  scoth litríocht agus cultúr na hÉireann le fáil i mbailiúchán O’Gorman. Ba é Philip O’Gorman a chuir tús leis, ar Cléireach Leabharlainne a bhí ann sa Leabharlann seo tráth den saol, lean a mhac Frank leis, agus ina dhiaidh sin a gharmhac, an Dr Ronnie O’Gorman. Táimid buíoch den trí ghlúin de mhuintir O’Gorman as a dtiomantas na saothair iontacha seo a bhailiú agus as aire chomh maith sin a thabhairt dóibh i gcaitheamh na mblianta. Agus táimid fíorbhuíoch de Ronnie agus muintir O'Gorman as a muinín a chur ionainn agus na saothair seo a bhronnadh orainn. Táimid tiomanta leanúint leis an obair fhiúntach atá déanta ag muintir O'Gorman, agus na saothair seo a chaomhnú in áit shábháilte, agus iad a chur ar fáil do mhic léinn agus taighdeoirí. 

  Deir Catriona Cannon, Ceannasaí na mBailiúchán Oidhreachta agus an Digitithe i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe: “Cara den Leabharlann le fada an lá ab ea Ronnie agus níor stad sé dá iarrachtaí na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn in iarthar na hÉireann. Fearadh fáilte roimhe i gcónaí inár seomra léitheoireachta agus ardú croí agus intinne a bhí ann bualadh leis agus blaiseadh beag a fháil dá eolas, dá dhíograis agus dá mhéin fhlaithiúil. Cinnteoidh an deonachán seo go leanfar leis an obair a raibh Ronnie tugtha di i gcaitheamh a shaoil, cultúr liteartha na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn. Bronntanas atá ann don chathair a raibh gean aige uirthi agus bainfidh mic léinn agus foireann na hOllscoile, agus ár dtaighdeoirí, inspioráid agus leas as san aimsir romhainn. 

 Críoch 

Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories