Mairéad Ní Fhlatharta ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe

Mairéad Ní Fhlatharta
Feb 12 2024 Posted: 11:48 GMT

Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a fhógairt go bhfuil Mairéad Ní Fhlatharta as Baile an tSléibhe sa Spidéal ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis san ollscoil i mbliana. 

 

Tá Mairéad ag gabháil don amhránaíocht ó thosnaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa Ghaelacadamh agus í seacht mbliana d’aois. I measc na múinteoirí a roinn a gcuid eolais léi go flaithiúil, bhí Pat Phádraic Tom Ó Conghaile agus Peatsaí Ó Ceannabháin nach maireann. Chomh maith leis an oiliúint a fuair sí uathusan, tá anáil Sheosaimh Uí Éanaí agus Dharach Uí Chatháin le clos i nguth Mhairéide agus í ag amhrán. Ina dteannta san, luann sí féin an rian a d’fhág Dara Bán agus Caitlín Maude uirthi as a hóige.

 

Bhí an méid seo le rá ag Mairéad: “Bíonn mé faoi dhraíocht ag na hamhráin sean-nóis, idir fhoinn agus fhocail. Is fada liom go mbeidh deis agam saibhreas filíochta na nGael, chomh maith leis an ghrá agus na téamaí éagsúla eile as amhráin na ndaoine a roinnt go fial le linn mo sheal mar amhránaí cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe.”

 

Agus an ceapachán á fhógairt aici, deir an Dr Méabh Ní Fhuartháin: “Is gné fíorthábhachtach den obair atá ar siúl againn anseo an nasc beo atá againn leis an traidisiún amhránaíochta agus gnéithe eile den gcultúr dúchais béil i nGaeltacht Chonamara. Bhí sé de phribhléid againn cuid de na hamhránaithe ba chumasaí ar fad a bheith ag obair láimh ar láimh linn ó bunaíodh an scéim seo 20 bliain ó shin agus níl aon amhras orm ná go gcuirfidh Mairéad Ní Fhlatharta leis an oidhreacht shaibhir sin.”

 

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Mairéad san Ollscoil san Earrach agus arís sa bhFómhar. Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar an 28 Feabhra ag 6pm. Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách. 

 

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireannaigh, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an tionscnamh seo. 

 

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó  samantha.williams@universityofgalway.ie

 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories