Seolann an Ollscoil Tuarascáil maidir le Rannpháirtíocht a Leathnú agus láithreán gréasáin an Champais Chéadfaigh

An Dochtúir Daniel Savery, John Hannon, Ciara Meehan agus Imelda Byrne. Grianghraf : Andrew Downes, XPOSURE
Dec 02 2024 Posted: 09:36 GMT

 Tá a tríú tuarascáil bhliantúil maidir le Rannpháirtíocht a Leathnú seolta inniu ag Ollscoil na Gaillimhe, mar aon lena céad láithreán gréasáin riamh don Champas Céadfach. 

 

Tá an tuarascáil á foilsiú agus Ionad Rochtana na hOllscoile i mbun ceiliúradh i mbliana ar na 25 bliain atá caite acu ag tacú le mic léinn ó na grúpaí sin a raibh rátaí rannpháirtíochta níos ísle acu go traidisiúnta, agus le mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. Tá breis agus 3,500 duine tagtha trí chláir Rochtana i gcaitheamh na tréimhse sin, agus leas bainte acu as deiseanna staidéir san ollscoil nach mbeadh ar fáil dóibh murach na cláir sin a bheith ann.

 

Léirítear i dTuarascáil Leathnaithe Rannpháirtíochta 2024 go bhfuil líon iomlán na mac léinn ó na grúpaí sin faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta ag méadú i gcónaí agus cuirtear síos ann ar iarrachtaí na hOllscoile cur le comhionannas deiseanna do gach mac léinn.

 

Féachann Ollscoil na Gaillimhe leis na constaicí atá rompu siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar ardoideachas a shárú, agus an éagsúlacht a chothú laistigh dá pobal, trí chláir for-rochtana spriocdhírithe, scoláireachtaí agus seirbhísí tacaíochta a chur chun feidhme. Tugtar léargas sa tuarascáil ar thionchar na dtionscnamh seo, mar shampla rátaí cláraithe agus rátaí coinneála níos airde i measc na ngrúpaí imeallaithe.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciara Meehan, Déan na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe: “Is ceart dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach againn maidir le deiseanna a chruthú do dhaoine staidéar in Ollscoil na Gaillimhe chomh maith lenár gcuid mac léinn agus na daoine a dhéanann éascaíocht do na deiseanna sin. Is san Ionad Rochtana a thosaigh an clár chun Rannpháirtíocht a Leathnú ach le comhpháirtíocht san Ollscoil trí chéile, ar gné ríthábhachtach í sin le go n-éireoidh leis an gclár do mhic léinn. Tá ag éirí linn ar bhonn leanúnach deiseanna a éascú dóibh siúd arb as grúpaí faoi ghannionadaíocht san ardoideachas iad agus léiríonn sé sin a luachmhaire is atá an obair seo do phobal iomlán na hollscoile agus don phobal níos leithne.”

 

Seo a leanas roinnt de na torthaí a tháinig chun solais sa Tuarascáil maidir le Rannpháirtíocht a Leathnú:  

  

  • Sa tréimhse ón mbliain acadúil 2019/20 go dtí 2023/24, d’éirigh le isteach is amach le 595 mac léinn áit a fháil san Ollscoil trí mhodh iontrála na hearnála Breisoideachais agus Oiliúna (ar méadú níos mó ná 50% é sin ar fhigiúirí na gcúig bliana roimhe sin)
  • Bhí méadú 29% sa tréimhse ó 2010 go dtí 2023 ar líon na mac léinn a bhain áit san ollscoil amach trí bhealaí a bhain le Leathnú Rannpháirtíochta – e.g. roghanna do mhic léinn lánfhásta; Breisoideachas agus Oiliúint; an clár Rochtana do Lucht Fágála Scoile; HEAR - an scéim iontrála do dhaltaí ardteistiméireachta atá faoi 23 bliain d'aois agus a bhfuil a gcúlra eacnamaíoch nó sóisialta san earnáil ardoideachais faoi ghannionadaíocht; agus DARE - an scéim iontrála do dhaltaí ardteistiméireachta atá faoi 23 bliain d'aois a raibh tionchar diúltach ag a míchumas ar a n-oideachas meánscoile.
  • Chláraigh 739 mac léinn in 2023 do chúrsaí staidéir trí Ionad Rochtana na hOllscoile – an leibhéal is airde go nuige seo.
  • Bhí méadú 163% i líon na mac léinn a chláraigh le Seirbhís Tacaíochta Míchumais an Ionaid Rochtana, ar seirbhís í atá ar fáil do mhic léinn a dteastaíonn tacaíocht uathu nó cóiríocht réasúnta i ngeall ar an tionchar atá ag míchumas orthu, nó riocht sláinte fisiciúil nó meabhrach, nó saindeacracht foghlama.

 

Seo mar a labhair Imelda Byrne, Ceannasaí an Ionaid Rochtana, faoin tuarascáil: “Tá an-áthas orainn a bhfuil bainte amach ag an Ionad Rochtana, agus ag an Ollscoil féin ar bhonn níos leithne, chun rochtain a éascú agus rannpháirtíocht a mhéadú dóibh siúd is lú a ghlacann páirt san ardoideachas a roinnt lenár gcomhpháirtithe Ollscoile agus ár gcomhpháirtithe seachtracha.

“Tarraingítear aird sa tríú tuarascáil seo ar roinnt de na gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu chun Rannpháirtíocht a Leathnú, tugtar sonraí inti maidir le bealaí iontrála malartacha agus dul chun cinn mac léinn trína gcúrsaí staidéir agus ar chúrsaí fostaíochta ina dhiaidh sin. Léirítear sa tuarascáil na cúiseanna a bhfuil cáil ag teacht ar Ollscoil na Gaillimhe as bheith ina hinstitiúid ina leagtar béim ar Rannpháirtíocht a Leathnú. Táimid buíoch den rialtas seo, agus de na cinn a chuaigh roimhe, as an infheistíocht atá déanta acu. Ní mór leanúint leis an infheistíocht chun bearnaí rannpháirtíochta a laghdú agus chun timpeallacht chuimsitheach a chothú ina dtugtar tacaíocht do gach mac léinn rochtain a fháil ar an ardoideachas agus páirt a ghlacadh ann go rathúil.”

 

Dúirt an Dr Daniel Savery, Oifigeach don Leathnú Rannpháirtíochta in Ionad Rochtana na hOllscoile: “Díríonn Plean Rochtana Náisiúnta an Údaráis um Ard-Oideachas go príomha ar a riachtanaí is atá sé sonraí iontaofa a bhailiú maidir le rochtain a éascú agus rannpháirtíocht a leathnú le go gcinnteofaí go mbeidh bonn láidir fianaise faoin obair atá ar siúl ag Institiúidí Ardoideachais sa réimse seo. Tá an bonn fianaise tábhachtach seo curtha ar fáil ag tríú tuarascáil seo an Choiste maidir le Rannpháirtíocht a Leathnú de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus cabhraíonn sé le cinntiú go mbeidh ár n-institiúid ar thús cadhnaíochta ó thaobh rochtain a leathnú agus rannpháirtíocht a mhéadú dóibh siúd is mó atá faoi ghannionadaíocht sa tsochaí.”

 

Tá taispeántas speisialta grianghraf seolta ina léirítear an staid ‘roimhe’ agus ‘ina dhiaidh’ i gcomhthráth le foilsiú thuarascáil Leathnaithe Rannpháirtíochta an Ionaid Rochtana.

 

Taispeántar ann na bacainní inrochtaineachta a tháinig chun solais mar thoradh ar an tionscadal Crowd4Access a rinne Mapáil ar Chosáin an Champais a reáchtáil Ionad Anailísíochta Sonraí Insight SFI agus an tIonad Rochtana, mar aon leis na feabhsuithe atá déanta ag Oifig Foirgneamh agus Eastát na hOllscoile chun an campas a dhéanamh níos inrochtana do chách, agus go háirithe dóibh siúd atá faoi mhíchumas. 

 

            Dúirt Denis O'Connor, an Stiúrthóir Foirgneamh agus Eastát in Ollscoil na Gaillimhe: “Bhí a fhios againn go díreach céard a bhí le déanamh chun an campas a dhéanamh níos inrochtana tar éis dúinn sonraí ón tionscadal Crowd4Access a fháil mar aon le léargas na mac léinn siúd a mbíonn bacainní inrochtaineachta rompu. Cabhróidh sé seo linn ár spriocanna a bhaint amach faoin bPlean Gnímh don Dearadh Uilíoch agus Inrochtaineacht agus dul chun cinn a dhéanamh chun campas atá deartha do chách a chur ar fáil.”

 

Tá treoir ar Láithreán Gréasáin nua an Champais Chéadfaigh maidir leis na spásanna agus saoráidí céadfacha siúd, laistigh agus lasmuigh, agus tugann sé spreagadh do mhic léinn úsáid a bhaint as Mapa Céadfach agus Folláine an Champais. Cuireadh an mapa nuálaíocha seo i dtoll a chéile i gcomhpháirtíocht le hailtirí tírdhreacha agus mic léinn néara-éagsúla, agus cabhróidh sé le gach duine a bhíonn ar an gcampas, agus an pobal néara-éagsúil go háirithe, sólás céadfach a fháil ar thailte áille Ollscoil na Gaillimhe.

 

Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán ag www.universityofgalway.ie/accesscentre/publications/

Críoch

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories