Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh chéimithe chuig Bronnadh Céimeanna an Fhómhair

Bhain Elson Ling Lian Yik as Co. an Chláir Baitsiléir Onóracha Eolaíochta (Fisic Fheidhmeach) amach, agus bhain Oluwasegi Olanrewaju, as Co. an Chláir chomh maith, Baitsiléir Onóracha Eolaíochta (Fiseolaíocht) amach ó Ollscoil na Gaillimhe.
Aug 22 2024 Posted: 15:43 IST

Céimeanna Oinigh ón Ollscoil le bronnadh ar dhuine dhéag in 2024

 

Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte ar ais chuig an gcampas roimh 1,800 céimí, a muintir, agus a gcairde, le haghaidh shearmanais Bhronnta an Fhómhair.

Beidh na searmanais ar siúl ó inniu go dtí Dé Máirt, an 27 Lúnasa, agus beidh céimithe a rinne staidéar sna ceithre choláiste éagsúla de chuid na hOllscoile ina measc.

Dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Údar mór bróid dom i gcónaí é ár gcuid mac léinn a fheiceáil ag ceiliúradh a n-éachtaí acadúla lena muintir agus lena gcairde, agus ag tabhairt aitheantais don díograis agus don dúthracht a chaith siad le linn a dtréimhse staidéir anseo.

“Beidh iarracht den bhrón ag baint le searmanais Bhronnta an Fhómhair domsa i mbliana, mar is iad na searmanais dheireanacha dom mar Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe. Ba mhór an onóir dom páir a bhronnadh ar mhic léinn agus a bheith páirteach in ócáidí ceiliúrtha na mílte céimí. Is pribhléid í chomh maith a bheith in ann aitheantas a thabhairt d’éachtaí na ndaoine a mbronntar céimeanna oinigh orthu agus iad a cheiliúradh – 16 dhámhachtain dá leithéid a bhronnfar san iomlán in 2024. 

“Thar ceann na hOllscoile, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh lenár mic léinn go léir, leo siúd a bhfuil céim bainte amach acu agus leo siúd ar a mbronnfar céimeanna oinigh. Gabhaim buíochas leo uile as bheith páirteach i bpobal Ollscoil na Gaillimhe, agus guím gach rath orthu amach anseo, go gairmiúil agus go pearsanta.”

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt aitheantais do shár-éachtaí 16 dhuine le linn na bliana 2024 trí Chéimeanna Oinigh a bhronnadh orthu.

I measc na ndaoine a bheidh á gceiliúradh sna laethanta amach romhainn le linn shearmanais Bhronnta an Fhómhair, tá:

  • Gerry Kilcommins, iarLeas-Uachtarán Oibríochtaí Domhanda le Medtronic – Dochtúir le hInnealtóireacht
  • Danny McCoy, príomhoifigeach feidhmiúcháin Ibec – Dochtúir le hEolaíocht Eacnamaíochta
  • Mary Bennett, iar-úinéir shiopa mór le rá na Gaillimhe The Treasure Chest agus duine de bhunaitheoirí Chumann Gnó Chathair na Gaillimhe agus Líonra Ban Gnó agus Gairmiúil na Gaillimhe – Dochtúir le hEolaíocht Eacnamaíochta
  • John Davoren, feirmeoir, comhstiúrthóir ar Scoil Allamuigh Seandálaíochta Chathair Chonaill agus úinéir Ionad Cuairteoirí Dhún Chathair Chonaill – Dochtúir le hEolaíocht
  • An tOllamh Jerome Sheahan, staitisteoir/matamaiticeoir ar scor as Ollscoil na Gaillimhe – Dochtúir le hEolaíocht

Bronnfar Céimeanna Oinigh ar aon dhuine dhéag eile ag searmanais Bhronnta an Gheimhridh a bheidh ar siúl ar an gcampas i mí na Samhna:

  • Rachael Blackmore MBE, marcach Rásaíochta Seilge Náisiúnta – Dochtúir le Dlíthe
  • Tony Connelly, iriseoir agus údar, agus Eagarthóir Nuacht na hEorpa le RTÉ News – Dochtúir le Litríocht
  • Marina Fiddler agus Tara Nic Dhiarmada, bunaitheoirí MADRA – Mutts Anonymous Dog Rescue and Adoption – Dochtúir le Dlíthe
  • Keith Finnegan, craoltóir agus iarláithreoir an chláir Galway Talks ar Galway Bay FM – Dochtúir le Litríocht
  • Martin Griffiths, Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe le haghaidh Gnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandála – Dochtúir le Dlíthe
  • Dolores Keane – amhránaí tíre Éireannach den stíl traidisiúnta a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi – Dochtúir le Ceol
  • An Dr Éanna Ní Lamhna, luibheolaí agus feithideolaí, láithreoir agus craoltóir – Dochtúir le hEolaíocht
  • Owen Reidy, Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) – Dochtúir le Dlíthe
  • An tOllamh Paul Yock agus an Dr Joshua Makower, bunaitheoirí Stanford Biodesign a thug tacaíocht do bhunú BioInnovate Ireland – Dochtúir le hEolaíocht   

    Tá tuilleadh eolais faoi sceideal na searmanas bronnta le fáil ar https://www.universityofgalway.ie/conferring/.

    Críoch

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories