Ollscoil na Gaillimhe i gceannas ar thrialacha cliniciúla na todhchaí

Noreen Doyle leis an Ollamh Peter Doran in Ollscoil na Gaillimhe ag seoladh na hInstitiúide do Thrialacha Cliniciúla. Grianghrafadóir: Andrew Downes/Xposure.
May 31 2023 Posted: 11:28 IST

Tá an chéad Institiúid do Thrialacha Cliniciúla in Éirinn bunaithe agus an bhéim á leagan aici ar thairbhe agus ar thionchar d’othair

 

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu go bhfuil an chéad institiúid do thrialacha cliniciúla sa tír bunaithe acu.

Déanfaidh an institiúid nua an comhthéacs taighde chliniciúil a athrú ó bhonn trí thimpeallacht a chothú ina dtabharfar aire níos fearr d'othair a bhuíochas le forbairtí i réimse na heolaíochta. 

Athróidh an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla saol na ndaoine trína chinntiú go bhfaighidh othair rochtain ar na cógais agus ar na cóireálacha is déanaí go tráthúil. 

Tá clár taighde sárchaighdeáin uaillmhianach ag an Institiúid agus féachfaidh sí le hÉirinn a chur ar thús cadhnaíochta maidir le fionnachtain chliniciúil agus bhithleighis. 

 

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Mar ollscoil ar mhaithe le leas an phobail, faoi stiúir ár luachanna, lena n-áirítear barr feabhais agus oscailteacht, déanfaidh bunú na hInstitiúide do Thrialacha Cliniciúla bealaí nua taighde a rianú ar mhaithe le sláinte agus folláine daoine ag an am is leochailí dóibh, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is sampla iontach é seo dár n-uaillmhian agus léiriú ar Ollscoil na Gaillimhe ag breathnú chun cinn, i mbun ceannródaíochta san eolaíocht agus sa taighde, ar fud an domhain agus chun leasa an domhain.” 

 

Thug Stiúrthóir na hInstitiúide, an tOllamh Peter Doran, cuntas ar uaillmhian na hInstitiúide:  “Tá taighde ríthábhachtach d’éiceachóras an chúraim sláinte. Bíonn torthaí níos fearr ag othair a fhreastalaíonn ar ospidéil atá gníomhach i gcúrsaí taighde, mar gheall ar rochtain níos fearr ar chóireálacha tarrthála luatha, agus mar gheall ar an gcultúr atá ann nuair a bhíonn taighde agus fiosrú i gcroílár na gcóras sláinte. Trí ghníomhaíocht taighde chliniciúil a mhéadú, atá mar chroílár uaillmhian na hinstitiúide, spreagfaimid torthaí d’othair.

“Tá a fhios againn freisin go mbíonn deacrachtaí ag cuideachtaí dúchasacha, go háirithe in earnáil na teicneolaíochta leighis, meastóireachtaí cliniciúla a dhéanamh in Éirinn, rud atá riachtanach do rochtain ar an margadh. Táimid ag cur straitéis ar bun chun dul i ngleic leis na bacainní a chuireann srian le reáchtáil trialacha cliniciúla in Éirinn.”  

 

Cuid mhór de ghníomhaíocht na hInstitiúide a bheidh ann feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar trialacha, ag comhtháthú modheolaíochtaí nuálacha le teicneolaíochtaí feabhsaithe agus le hanailís mhóilíneach níos fearr chun trialacha na todhchaí a chruthú agus go mbeidh Éire ina ceann feadhna maidir le trialacha cliniciúla.

 

Dúirt an tOllamh Doran: “Ní bheidh leithéidí ghníomhaíochtaí trasearnála na hInstitiúide do Thrialacha Cliniciúla le fáil in aon áit eile sa tír. Beidh siad i gcomhréim le straitéisí forbartha réigiúnacha na hÉireann agus feabhsóidh siad iomaíochas eacnamaíoch trí infheistíocht, poist agus daoine cumasacha a mhealladh, chomh maith lena croímhisean maidir le sláinte na tíre a fheabhsú.”

 Sheol Noreen Doyle, fiontraí agus máthair ceathrar leanaí, an institiúid go hoifigiúil ar maidin. Bhí ailse na hóige ar bheirt dá clann agus tháinig siad slán as. 

 

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Noreen Doyle: “In 2007 chuireamar ár mac dhá bhliain d’aois, James, i dtriail chliniciúil tar éis diagnóis de Ghéarleoicéime Limfeablastach (ALL) a fháil le súil go gcabhródh sé le leanaí amach anseo an ailse a chomhrac. Is beag a cheapamar an t-am sin go mbeadh a dheirfiúr beag, Kate, 10 mbliana ina dhiaidh sin, ar dhuine de na leanaí a bhainfeadh an-tairbhe as an triail cheannann chéanna seo.”

 

Beidh an Institiúid faoi stiúir Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe.

 

Dúirt an tOllamh Martin O’Donnell, Déan Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe agus Dochtúir Comhairleach: “Déanfaidh an institiúid seo ár réimsí láidreachta nach beag a chomhdhlúthú i dtrialacha cliniciúla, cinnteoidh sé go ndéanfar fionnachtana leighis a aistriú go tapa chuig meastóireacht chliniciúil agus ar deireadh feabhsóidh an institiúid saol othar agus sláinte na ndaoine, ag baint leas as láidreachtaí acadúla na hOllscoile agus a comhpháirtí cúraim sláinte, Grúpa Cúraim Sláinte Ollscoile Saolta. Díreoidh an Institiúid freisin ar chomhpháirtíochtaí marthanacha, comhbhuntáisteacha a fhorbairt le comhpháirtithe tionscail agus acadúla, chun go mbeidh ár réigiún ina cheannaire i dtaighde sláinte agus teicneolaíochta leighis.” 

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories