Lá oscailte fochéime Ollscoil na Gaillimhe do dhaltaí agus do thuismitheoirí

Mar 20 2023 Posted: 14:32 GMT

Tá tús curtha leis an gclárú do lá oscailte bliantúil fochéime Ollscoil na Gaillimhe, a thabharfaidh deis do na mílte dalta agus a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí cuairt a thabhairt ar an gcampas stairiúil cois abhann seo i gcroílár chathair na Gaillimhe. 

Beidh Lá Oscailte an Earraigh ar siúl ar an gcampas Dé Sathairn, an 25 Márta idir 9am agus 3pm.  Tá sé oscailte do gach scoláire sa tsraith shinsearach, iad siúd atá ag déanamh na hidirbhliana san áireamh.

Buailfidh cuairteoirí le mic léinn reatha Ollscoil na Gaillimhe agus cloisfidh siad ó ollúna agus léachtóirí den scoth faoi na cúrsaí ceannródaíocha atá ar fáil agus an taighde nuálach atá idir lámha. Ní iontas ar bith go bhfuil an ollscoil seo i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain.

Dúirt Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana: "Tugann lá oscailte Ollscoil na Gaillimhe deis do mhic léinn ionchasacha agus do thuismitheoirí eolas a chur ar chúrsaí, ábhair, slite beatha agus saol an mhic léinn san Ollscoil agus is deis iontach atá anseo bualadh lenár n-ollúna, léachtóirí agus mic léinn reatha agus labhairt leo.

Tá cúig thaispeántas i gceist leis an imeacht agus beidh an clár is mó riamh againn le níos mó ná 100 caint faoi chúrsaí, ábhair, gairmeacha agus tacaíochtaí do mhic léinn. I measc na mbuaicphointí áirítear Saol na Mac Léinn, Spórt, Staidéar Thar Lear, Gairmeacha agus obair dheonach ALIVE. Eagróidh an tIonad Rochtana seisiún ar bhealaí iontrála eile, ar thacaíochtaí do mhic léinn lánfhásta agus ar an mbealach iontrála QQI/FETAC/PLC.

B’fhéidir go mbeadh suim ag muintir na ndaltaí i gCaint na dTuismitheoirí a bheidh ar siúl ag 11.30am áit a mbeidh comhairle agus treoir le fáil ar an gcaoi is féidir le tuismitheoirí tacú lena gclann agus iad ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal. 

 

Leag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta agus For-rochtana na Mac Léinn, béim ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna a sholáthar do dhaltaí chun an campas a fheiceáil agus smaoineamh ar a gcuid staidéir amach anseo. Táimid ag súil fáilte a chur roimh na daltaí go dtí an campas áit a bhfaighidh siad taithí mhaith ar shaol na hollscoile, áit a bhfuil teagasc bunaithe ar thaighde, béim ar scileanna infhostaitheachta, socrúcháin, staidéar thar lear agus córas tacaíochta a thabharfaidh deis dóibh barr feabhais a bhaint amach. Tabharfaidh an lá oscailte blaiseadh de shaol an choláiste do dhaltaí na sraithe sinsearaí agus tá súil againn go dtuigfidh siad go mbeidh deis iontach acu agus iad ag staidéar san ollscoil amach anseo.” 

-      Cuireann an Ollscoil os cionn 60 bunchéim ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta i réimsí cosúil le Leigheas, Altranas, Eolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin.

-      Tugann breis agus 90% de na cúrsaí deis do mhic léinn tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear chun a chinntiú go mbíonn céimithe réidh don ionad oibre, agus go mbíonn tóir ag fostóirí sa bhaile agus thar lear orthu.

-      Féadfaidh mic léinn a roghnaíonn staidéar a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe a bheith muiníneach go dtabharfar aitheantas ar fud an domhain dá n-obair chrua agus dá gcáilíochtaí.

Tá creidiúnú aitheanta go hidirnáisiúnta ag go leor de na cúrsaí a chuireann Ollscoil na Gaillimhe ar fáil agus ní iontas ar bith í a bheith ar an 2% is fearr de na hollscoileanna ar fad ar domhan. Mar chéimí de chuid na hollscoile, beidh mic léinn páirteach i bpobal domhanda láidir agus dinimiciúil de bhreis agus 110,000 alumni.

Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag https://www.universityofgalway.ie/opendays/, nó ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories