Ollscoil na Gaillimhe rangaithe sa 34ú háit ar domhan ó thaobh na hinbhuanaitheachta de

Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh in éineacht le hOifigeach Inbhuanaitheachta na hOllscoile, Michelle O’Dowd Lohan agus an tOllamh Bunaithe agus Stiúrthóir Taighde & Nuálaíochta, Scoil na hInnealtóireachta, Jamie Goggins, a bhí ina Chathaoirleach ar Chomhpháirtíocht Inbhuanaitheachta na hOllscoile Pobail (CUSP), in Ollscoil na Gaillimhe tráth agus iad ag ceiliúradh éachtaí i ranguithe Tionchair THE. Creidiúint: Aengus McMahon.
Jun 01 2023 Posted: 09:21 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe sa chéad áit i Ranguithe Tionchair THE i measc ollscoileanna na hÉireann as aghaidh a thabhairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe

 

Tá Ollscoil na Gaillimhe ainmnithe mar an ollscoil is fearr in Éirinn ó thaobh na forbartha inbhuanaithe don dara bliain as a chéile.

Bhronn ranguithe Tionchair THE an gradam mar aitheantas ar dhul chun cinn Ollscoil na Gaillimhe maidir le freagairt do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe. 

  • Tá dul chun cinn déanta ag Ollscoil na Gaillimhe sna ranguithe i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan maidir le forbairt inbhuanaithe – ag léim níos mó ná 10 n-áit go dtí an 34ú háit
  • Daingníonn tuarascáil Tionchair THE seasamh Ollscoil na Gaillimhe mar an ollscoil is fearr in Éirinn ó thaobh forbairt inbhuanaithe 
  • Tá aitheantas domhanda ag Ollscoil na Gaillimhe as cur go mór le dul chun cinn 11 de na 17 SDG de chuid na NA 
  • Rangaithe sa 5ú háit go domhanda do (SDG 12 maidir le Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach)
  • Bhain Ollscoil na Gaillimhe áit amach i measc an 50 Ollscoil is fearr ar domhan do 7 gcinn de na 17 SDG 

 

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is mór an éacht é Ollscoil na Gaillimhe a bheith rangaithe arís i mbliana i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan. Is aitheantas iontach é freisin a bheith ainmnithe ar an gcéad ollscoil, an ollscoil is fearr in Éirinn, as an obair agus an dul chun cinn atá déanta againn ar ár gcroíluach inbhuanaitheachta.

“Idir an tionchar áitiúil atá againn inár gcuid oibre le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an gclár píolótach ZeroNetCarbon Cities atá maoinithe ag an AE, agus ár n-aitheantas náisiúnta mar an chéad ollscoil agus an t-aon ollscoil a aithníodh mar Churadh Forbartha Inbhuanaithe, táimid chun cinn go hidirnáisiúnta freisin. 

“Tá moladh mór ag dul don fhoireann ar fud na hollscoile as an éacht seo a dhéanamh, inár dteagasc agus san fhoghlaim, inár dtaighde agus inár n-oibríochtaí laethúla. Mar an gcéanna, tá creidiúint tuillte ag ár gcuid mac léinn a chuir an inbhuanaitheacht chun tosaigh ar ár gclár oibre agus ár straitéis Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna 2020-2025 á forbairt againn. Ní tharlódh sé seo gan fuinneamh, paisean agus díograis ár bpobail ollscoile.

“Is í an inbhuanaitheacht agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide na clocha is mó ar ár bpaidrín faoi láthair.  Ag an am seo agus as an áit seo, tá áthas orainne in Ollscoil na Gaillimhe ceannasaíocht a ghlacadh, ar mhaithe le leas an phobail.”

 

In eagrán 2023 de Ranguithe Tionchair Times Higher Education tá an Ollscoil sa 34ú háit as 1,591 institiúid ar fud an domhain.

Tá measúnuithe do ranguithe Tionchair THE bunaithe ar aighneachtaí ó ollscoileanna ar fud an domhain i gcomhréir le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is léiriú í an tuarascáil ar an tionchar dearfach sóisialta agus eacnamaíoch atá ag institiúidí ar an bpláinéad; lena n-áirítear gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne, dea-shláinte agus folláine.

Tá rangú Ollscoil na Gaillimhe níos suntasaí fós agus ollscoileanna nua ag cur isteach ar rangú Tionchair THE in 2023.

 

Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Bhord Comhairleach Inbhuanaitheachta na hOllscoile: “Tá foireann iontach taobh thiar d’éachtaí na hOllscoile sa réimse seo agus aitheantas saothraithe ag ranguithe Tionchair THE, agus muintearas níos tábhachtaí fós le braistint i measc na foirne agus na mac léinn, áit ar féidir an pobal i gcoitinne a fheiceáil ag tabhairt faoi dhúshlán SDG na Náisiún Aontaithe. 

“Ba mhaith liom obair chrua gach duine a bhí páirteach a mholadh. Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag Ollscoil na Gaillimhe sa réimse seo, ardú ó uimhir a 82 in 2021, sular baineadh áit amach i measc an 50 ollscoil is fearr in 2022 go dtí an 47ú háit in 2022 agus anois táimid ag uimhir a 34 ar domhan. Is comhartha é an toradh seo ar an méid is féidir linn a bhaint amach agus sinn ag obair le chéile, leis an sprioc chéanna, agus tacaíocht á tabhairt dá chéile sna huaillmhianta sin.”

 

I measc na dtionscnamh agus na bhforbairtí atá ar bun ag an Ollscoil tá:  

  • Ollscoil na Gaillimhe ainmnithe mar churadh náisiúnta SDG do 2023-24, an chéad ollscoil in Éirinn lena leithéid d’onóir a bhaint amach.
  • Pléann 300 modúl cúrsa saincheisteanna inbhuanaitheachta agus tá modúl nua Blaiseadh den Inbhuanaitheacht curtha ar fáil i 56 cúrsa i dtrí choláiste, agus é mar aidhm é a chur ar fáil do gach mac léinn. 
  • Bunaíodh Ciste Dúshlán Domhanda ar fiú €5m é. Tá sé ailínithe le hinbhuanaitheacht chun tacú le taighde ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcine daonna.
  • Ó 2006 tá laghdú 50% tagtha ar ídiú fuinnimh agus tá spriocanna náisiúnta sáraithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Tá níos mó ná 500kW de Phainéil Ghréine Fhótavoltacha agus 7,000 feisteas solais LED suiteáilte againn. Tá tús curtha againn le tionscadal caidéil teasa gheoiteirmigh ar an gcampas chun an linn snámha a théamh san Ionad Spóirt agus 22 pointe luchtaithe a chur isteach d’fheithiclí leictreacha.
  • Is é CÚRAM, an t-ionad taighde SFI in Ollscoil na Gaillimhe, an chéad ionad san Eoraip ar bronnadh Deimhniú na Saotharlainne Glaise air; tá deimhniú glasaithe faighte ag 28 saotharlann bhreise agus tá sé beartaithe againn an líon seo a dhúbailt faoi dheireadh na bliana.
  • Tá ár gcampas ar cheann de na campais is bithéagsúlaí in Éirinn: tá Gradam na gCampas Glas, an Taisce bainte amach againn. Thugamar isteach scéimeanna nua feabhsaithe bláthanna fiáine, boscaí éan, boscaí ialtóg, óstáin feithidí, coirceoga, cód lotnaidicídí atá oiriúnach do phailneoirí agus coirceog lomáin. 
  • Tá próiseas nua geilleagair chiorclaigh do dhramhaíl orgánach againn agus scéim nua éarlaise do chupáin in-athúsáidte.
  • Comhpháirtíocht do Chomhdháil Aeráide Mháire Mhic Róibín, atá á seachadadh ag Ionad Mháire Mhic Róibín, in éineacht le Béal an Átha 2023, Comhairle Contae Mhaigh Eo, urraithe ag IPB Insurance agus Eirgrid agus comhdháil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar thaighde an Aigéin Atlantaigh a chomhreáchtáil i mí Iúil freisin.

Rinne Ollscoil na Gaillimhe go maith sna 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) chun an 34ú háit a bhaint amach ar domhan.

 

De réir Ranguithe Tionchair THE, tá an Ollscoil i measc an 50 ollscoil is fearr i seacht réimse agus tá sí i measc na 10 n-ollscoil is fearr i gcónaí i réimse amháin: 

  • Sa 5ú háit ar domhan maidir le SDG 12: Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach (mar a chéile le rangú 2022) 
  • Sa 21ú háit ar domhan maidir le SDG 14: Beatha faoi Uisce, ardaithe 10 n-áit 
  • Sa 23ú háit ar domhan maidir le SDG 7: Fuinneamh Inacmhainne & Glan, ardaithe ón 75ú háit 
  • Sa 43ú háit ar domhan maidir le SDG 3: Dea-shláinte & Folláine, ardaithe ón 51ú háit
  • Sa 44ú háit ar domhan maidir le SDG 11: Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe
  • Sa 47ú háit ar domhan maidir le SDG 17: Comhpháirtíocht do na Spriocanna, ardaithe ón 63ú háit 
  • Sa 50ú háit ar domhan maidir le SDG 16: An tSíocháin, an Ceartas agus Institiúidí Láidre, ardaithe ón 59ú háit

Críoch

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories