University of Galway offers 24 Universities of Sanctuary Scholarships

Jul 18 2023 Posted: 12:18 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois do Chlár Scoláireachta na nOllscoileanna Tearmainn don bhliain acadúil 2023-24. 

Is féidir le hIarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, dídeanaithe, Taistealaithe na hÉireann agus grúpaí leochaileacha inimirceach cur isteach ar na scoláireachtaí seo agus tá Ollscoil na Gaillimhe ag cur 24 scoláireacht ar fáil do chúrsaí fochéime agus iarchéime araon ina gceithre choláiste. 

Áirítear leis an scoláireacht tarscaoileadh táille iomlán (seachas tobhach na mac léinn), stipinn bhliantúil de €3,300 mar aon le tacaíocht leanúnach agus meantóireacht acadúil.

Dúirt Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht in Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Paul Dodd: “Déantar tiomantas Ollscoil na Gaillimhe freagairt don tsochaí ilchultúrtha agus éagsúil ina gcónaímid a athdhearbhú trí Chlár Scoláireachtaí na hOllscoile Tearmainn, ar clár é ina ndéantar luachanna straitéiseacha na hOllscoile, meas agus oscailteacht, a léiriú. Tá an-áthas orainn an deis seo a d’fhéadfadh do shaol a athrú ó bhun a chur ar fáil agus molaimid duit iarratas a dhéanamh agus a bheith linn in Ollscoil na Gaillimhe.”

Dúirt Obadiah Niyibizi, ar bronnadh céim air le gairid a bhuíochas le clár scoláireachta na nOllscoileanna Tearmainn: “Tá mé buíoch gur bronnadh Scoláireacht Ollscoile Tearmainn orm mar gur chuir sé ar mo chumas céim Baitsiléir Eolaíochta a bhaint amach i mbliana. D’fhoghlaim mé faoin deis seo ar dtús trí chomhlachais éagsúla, agus rinne sé difear ollmhór dom mar gur iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta mé nach mbeadh incháilithe do tháillí Eorpacha. Ní hamháin gur chabhraigh an tacaíocht airgid liom é seo a shárú, ach bhain mé an-tairbhe as an meantóireacht a fuair mé i rith an chláir. Bhí an t-ádh liom meantóirí acadúla agus sóisialta a bheith agam a threoraigh tríd an gcóras mé, rud a d’fhág go raibh eispéireas ollscoile tairbheach agus taitneamhach agam. Tá mé thar a bheith buíoch as an scoláireacht seo agus tá mo shaol athraithe ó bhun dá bharr.”

Tá iarracht níos leithne á déanamh ag Ollscoil na Gaillimhe mar Ollscoil Tearmainn ainmnithe chun rannpháirtíocht i measc grúpaí tearcionadaithe a mhéadú agus chun dúshlán a thabhairt don leithcheal, agus gné amháin den iarracht sin is ea Clár Scoláireachtaí na nOllscoileanna Tearmainn.

Sampla eile d’iarrachtaí Ollscoil na Gaillimhe luachanna an mheasa agus na hoscailteachta a chur chun cinn is ea ár rannpháirtíocht sa tionscadal EU-PASSWORLD. Cuirfear fáilte faoin tionscnamh sin roimh bheirt mhac léinn ar dídeanaithe iad i Meán Fómhair 2023 chun tabhairt faoi chéim Mháistreachta i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, Ollscoil na Gaillimhe. Is comhthionscnamh é an tionscadal EU-PASSWORLD idir Ollscoil na Gaillimhe, UNHCR - Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus Nasc – Lárionad na hÉireann um Chearta na nImirceach agus na nDídeanaithe. Tá an tionscadal dírithe go sonrach ar threochlár a fhorbairt chun bealaí nua, sábháilte agus dleathacha a chruthú do dhaoine easáitithe chun scoláireachtaí oideachais a fháil in Éirinn.

Anuas air sin, shínigh Ollscoil na Gaillimhe na Prionsabail Frithchiníochais d’Institiúidí Ardoideachais na hÉireann le gairid, a fhéachann le cultúr comhionannais ciníocha a neadú san ardoideachas.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ar scoláireachtaí na nOllscoileanna Tearmainn Dé hAoine, an 4 Lúnasa ag 12pm le haghaidh iarratais iarchéime, agus Dé hAoine, an 8 Meán Fómhair ag 12pm le haghaidh iarratais fochéime.

Tá eolas faoin gclár scoláireachta le fáil ag www.universityofgalway.ie/sanctuary/scholarships nó trí ríomhphost a sheoladh chuig uni.sanctuary@universityofgalway.ie.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories