Díríonn taispeántas Ollscoil na Gaillimhe ar an meabhairshláinte

University of Galway
Beidh Mindscapes, taispeántas uathúil mar thoradh ar chomhoibriú idir na Dána agus na hEolaíochtaí, ar siúl ón 12 Iúil go dtí an 2 Lúnasa in Ollscoil na Gaillimhe. Sa ghrianghraf tá an t-ealaíontóir Brian Bourke agus an Dr Jane Conway, Ollscoil na Gaillimhe. Grianghraf – Andrew Downes/Xposure
Jul 12 2023 Posted: 09:31 IST

Díreoidh taispeántas nua in Ollscoil na Gaillimhe ar an meabhairshláinte agus ar an gcaoi a gcuirtear saincheisteanna meabhairshláinte in iúl san ealaín agus gach píosa bunaithe ar thaighde acadúil comhaimseartha.

Beidh Mindscapes ar siúl ón 12 Iúil go dtí an 2 Lúnasa agus is taispeántas uathúil é atá mar thoradh ar chomhoibriú idir na Dána agus na hEolaíochtaí.

Agus an mheabhairshláinte mar théama lárnach, cuimsíonn Mindscapes saothar ealaíne ó dheichniúr ealaíontóirí i gcomhar le 14 thaighdeoir acadúla ó Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Oxford, Ollscoil Dhún Éideann, Ollscoil Birmingham agus Ollscoil Londain.

Roghnaigh gach ealaíontóir topaic meabhairshláinte agus ansin cuireadh é/í ag obair in éineacht le hacadóir a dhéanann taighde sa réimse sonrach sin. I measc na dtopaicí tá folláine, neamhord dépholach, codladh, seachmaill, agus mothúcháin.

Is é Mindscapes an chéad tionscadal ó Mol na nDán Eolaíoch in Ollscoil na Gaillimhe agus is í an Dr Jane Conway, Léachtóir Taighde le Scoil na Síceolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, a bhí i mbun stiúrtha.

            Bhí an méid seo le rá ag an Dr Conway: “Is teist é an taispeántas seo ar láidreacht phobal cultúrtha na Gaillimhe. Léiríonn sé gur féidir le daoine sna dána agus sna heolaíochtaí teacht le chéile chun bunphíosaí a chruthú a chuireann nádúr na hintinne in iúl. Ag teacht leis na haidhmeanna a bhaineann le Mol na nDán Eolaíoch, déanann sé iniúchadh ar smaointe trí mheán ealaíonta ach ag an am céanna léirítear meas ar an taighde a fhorbraíonn na smaointe sin go hatriallach, agus a leagann tábhacht ar an machnamh criticiúil riachtanach ar an bhfianaise, ag smaoineamh ar ‘conas a bhíonn a fhios againn a bhfuil a fhios againn’.”

Beidh an taispeántas saor in aisce ar siúl ó 10am go 6pm ón 12 Iúil go dtí an 2 Lúnasa i nDánlann na hOllscoile sa Chearnóg. Osclóidh James Harrold, iar-Oifigeach Ealaíon Chathair agus Chontae na Gaillimhe an taispeántas go hoifigiúil Dé Sathairn, an 15 Iúil ag 3pm.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories