Comhpháirtíocht straitéiseach 5 bliana nua fógartha ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe & Ollscoil na Gaillimhe

Sa phictiúr a tógadh sa Chearnóg ar champas Ollscoil na Gaillimhe tá Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Paul Dodd agus Stiúrthóir Ealaíne Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, Paul Fahy in éineacht le cuid d’fhoireann aisteoirí The Pulse by Gravity & Other Myths chun an clár comhpháirtíochta nua cúig bliana a fhógairt idir an fhéile agus Ollscoil na Gaillimhe. Grianghraf: Andrew Downes
Jul 26 2023 Posted: 15:15 IST

Agus an 45ú féile bhliantúil faoi lánseol, tá comhpháirtíocht nua cúig bliana fógartha ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe (GIAF) agus a comhpháirtí oideachais fadtréimhseach, Ollscoil na Gaillimhe, faoina dtreiseofar ar an gcomhoibriú idir na comhpháirtithe.

Rinne Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh ar na 13 bliana atá caite aici mar Chomhpháirtí Oideachais d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i mbliana, agus le linn thréimhse na comhpháirtíochta cúig bliana deiridh tugadh isteach cúrsa nua i mbainistíocht na n-ealaíon cruthaitheach; forbraíodh SELECTED, ar clár forbartha gairmiúla é d’ábhar ealaíontóirí, déantóirí téatair, coimeádaithe agus léiritheoirí atá ag staidéar in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le Clár Oibrithe Deonacha na Féile, faoinar cuireadh fáilte le cúig bliana anuas roimh 3,248 rannpháirtí ó 41 tír éagsúil ar an meán gach bliain.

Reáchtáladh 121 imeacht ar champas Ollscoil na Gaillimhe le linn na comhpháirtíochta deiridh, agus rinne 128,727 duine a mbealach chuig an gcampas chun éisteacht le sárcheoltóirí agus le ceolfhoirne shiansacha, féachaint ar thaispeántais agus ar shuiteálacha agus taitneamh a bhaint as sáramharclannaíocht na hÉireann agus idirnáisiúnta.

Chuir an fhéile deiseanna cruthaitheacha agus cultúrtha ar fáil do chéimithe, agus bhí céimithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe le feiceáil in níos mó ná 50% de léiriúcháin GIAF in 2021, agus seans ag príomhchomhaltaí foirne acadúla páirt a ghlacadh sa tsraith cainteanna First Thought Talks agus Backstage. Forbraíodh imeachtaí d’alumni ag an bhféile freisin.

Leathnófar an obair seo mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht nua, agus áireofar léi nasc idir an Ollscoil agus clár First Thought Talks na féile; forbairt bhreise ar chartlann GIAF atá ar coimeád i leabharlann na hOllscoile trí chruthú rannóg nua ar stair béil na féile; agus GIAF agus Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh fiosrú ar na bealaí ina féidir leis an gcomhpháirtíocht cabhrú le tionscail chruthaitheacha san Iarthar a fhorbairt le go gcothófaí conairí gairme do chéimithe Ollscoil na Gaillimhe; agus forbairt bhreise a dhéanamh ar chlár oibrithe deonacha GIAF, ar éirigh chomh maith sin leis, áit a leanfaidh an ollscoil ar aghaidh mar urraitheoir an teidil agus trína n-éascófar for-rochtain fhairsing chuig raon pobal níos éagsúla fós.

Agus beagnach 20% d’imeachtaí GIAF ar siúl ar an gcampas anois, tá GIAF agus Ollscoil na Gaillimhe tagtha ar chomhaontú anois freisin oibriú níos dlúithe le chéile chun féilte níos inbhuanaithe a eagrú bliain i ndiaidh bliana. Féachfaidh siad le tógáil ar dhea-chleachtas sa chlár, go háirithe i gcás na n-imeachtaí sin a bheidh ar siúl ar an gcampas. Anuas air sin, oibreoidh Ollscoil na Gaillimhe agus GIAF as lámha a chéile as seo go ceann dhá bhliain mar chuid de chuibhreannas Eorpach ina dhéanfar iniúchadh ar na bealaí inar féidir leas a bhaint as fiontraíocht chultúrtha chun tacú leis an aistriú aeráide.

Ag labhairt dó faoin gcomhpháirtíocht nua, dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an-áthas orainn ár gcomhpháirtíocht straitéiseach le GIAF a leathnú tuilleadh. Seasann an chomhpháirtíocht le luachanna ár nOllscoil – meas, oscailteacht, barr feabhais, inbhuanaitheacht – agus lenár stádas mar ollscoil ar mhaithe le leas an phobail, agus le Gaillimh mar chathair chruthaitheach. Táim ag súil go mór le bheith ag obair le GIAF sna blianta amach romhainn trí chur lenár gcomhoibriú ar imeachtaí, taighde, rannpháirtíocht shibhialta agus ar dheiseanna foghlama dár gcuid mac léinn.”

Dúirt John Crumlish, Príomhfheidhmeannach Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe: “Údar mór misnigh an fhorbairt seo do GIAF agus d’fhéadfadh sé athrú chun feabhais a dhéanamh ar roinnt réimsí d’obair na féile. Cuirfidh an chomhpháirtíocht ar chumas na heagraíochta a bhfuil pleanáilte aici sa réimse EDI a chur chun cinn, forbairt a dhéanamh ar a ardán díospóireachta First Thought, tacaíocht bhreise a thabhairt d’fhorbairt ealaíontóirí, iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna forbartha sna Tionscail Chruthaitheacha, tacú le haistriú na féile chuig todhchaí inbhuanaithe mar aon le tacú le forbairt cláir.”

Oibreoidh GIAF agus Ollscoil na Gaillimhe i bpáirt freisin chun cruinnithe alumni ar an gcampas a eagrú i rith na féile agus forbróidh siad gníomhaíochtaí comhoibríocha a bheidh ag teacht leis na tréimhsí sin a mbeidh an fhéile ar camchuairt.

Bhí an méid seo le rá ag Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht Ollscoil na Gaillimhe, an Dr Paul Dodd: “Baineann ár bpobail an-tairbhe as na deiseanna foghlama, na himeachtaí alumni agus go leor eile atá á n-eagrú a bhuíochas le GIAF a bheith ar ár gcampas. Táimid ag díriú go mór ar bhonn leanúnach ar thaighde sna teicneolaíochtaí cruthaitheacha agus tiocfaidh tuilleadh deiseanna foghlama agus forbartha as an gcomhpháirtíocht seo dár mic léinn, comhaltaí foirne agus alumni trí oibriú i gcomhar le foireann agus taibheoirí GIAF sa téarma amach romhainn.”

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories