Máirín Mhic Lochlainn ceaptha mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta ag Ollscoil na Gaillimhe

Máirín Mhic Lochlainn
Jan 24 2023 Posted: 11:05 GMT

Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a fhógairt go bhfuil Máirín Mhic Lochlainn ceaptha mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta i mbliana. 

Is as Ros an Mhíl ó dhúchas í Máirín agus tá sí ag cur fuithí in Indreabhán. Luann Máirín a hathair, Beartla Ó Maoileoin mar an chéad scéalaí a chuala sí agus tionchar a chuid léirithe drámatúla, a bhí uirthí. 

Tá roinnt gradam scéalaíochta buaite ag Máirín, ina measc Corn Neidí Frainc ag Féile an Oireachtais. Tá Máirín tiomanta chun ceird na scéalaíochta a fhorbairt agus tá ceardlanna scéalaíochta á stiúradh aici ar fud na hÉireann, na Breataine Bige agus na Danmhairge. Cuimsíonn a stór scéalaíochta na Scéalta Fiannaíochta agus tá an-áthas uirthi an deis seo a fháil le forbairt cheird na scéalaíochta a chur chun cinn.

Chuir an tOllamh Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapachán: “Deis iontach is ea é seo dúinne chun ealaín na scéalaíochta béil a aithint agus cumas neamhchoitianta Mháirín sa réimse sin den gcultúr dúchais a cheiliúradh. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair ina teannta as seo go ceann bliana.” 

Beidh sraith ceardlann cúig seachtaine á múineadh ag Máirín san Ollscoil san Earrach agus arís san Fhómhar. Beidh béim ar leith ar na Scéalta Fiannaíochta aici san Earrach. 

Tá na cúig ceardlanna san Earrach saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách. Beidh na ceardlanna ar siúl gach Déardaoin ag 7pm, ag tosnú ar an 2 Feabhra, san Ionad Léinn na hÉireann, 4 Bóthar na Drioglainne, Ollscoil na Gaillimhe.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo. 

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@universityofgalway.ie

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories