Comhpháirtíocht fhoirmiúil fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe le Comhaltas na Mac Léinn

Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe, Sai Gujulla, agus an chomhpháirtíocht fhoirmiúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe á fógairt acu. Creidiúint – Sean Lydon.
Apr 19 2023 Posted: 14:05 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe agus Comhaltas na Mac Léinn tar éis comhpháirtíocht fhoirmiúil a fhógairt.

An aidhm atá leis an gcomhpháirtíocht go mbeidh mic léinn agus comhaltaí foirne na hOllscoile ag obair i gcomhar lena chéile chun athruithe chun feabhais a bhaint amach i réimsí chinnteoireacht agus rannpháirtíocht na mac léinn.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Rinneadh plean straitéiseach Ollscoil na Gaillimhe, Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna 2020-2025 mar aon lena chroíluachanna, mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht, a fhorbairt agus a shainmhíniú trí ionchur a fháil ó chomhaltaí foirne agus ó mhic léinn araon. Táimid tiomanta a bheith anseo go háirithe chun freastal ar ár mic léinn, ár sochaí agus ár bpláinéad. Léiriú den tiomantas sin dár mic léinn is ea ár gcomhpháirtíocht fhoirmiúil nua idir Ollscoil na Gaillimhe, ar ollscoil le leas an phobail í, agus Comhaltas na Mac Léinn.” 

 

Bhí an méid seo le rá ag Sai Gujulla, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe: “Má chuirimid romhainn oibriú le chéile agus cuspóirí a leagan amach dúinn féin, is féidir linn athruithe chun feabhais a chur chun cinn a fhágfaidh go mbainfidh pobal na hollscoile tairbhe bhríoch astu. An aidhm atá againn, agus muid ag cur tús leis an gcomhoibriú seo, cur leis an gcaidreamh oibre idir an Ollscoil agus Comhaltas na Mac Léinn, ar caidreamh é atá bunaithe ar luachanna na hoscailteachta agus an mheasa. Déanfar an comhoibriú sin a chothú le spiorad na comhpháirtíochta agus le meon dearfach, agus muid ag tnúth le torthaí bríocha a bhaint amach a mbainfidh an pobal ollscoile trí chéile tairbhe astu.”

 

Féachann Comhaontú Chomhpháirtíocht na Mac Léinn le cultúr athraithe a chumasú trí chomhar, cómhalartacht agus freagracht roinnte idir mic léinn agus comhaltaí foirne.

Leagtar amach ann tiomantas don chumarsáid rialta oscailte ag leibhéil éagsúla idir an Ollscoil agus Comhaltas na Mac Léinn “i spiorad an mheasa agus le hintinn dhearfach”. 

Áirítear leis na haidhmeanna glór na mac léinn sa phróiseas cinnteoireachta a threisiú agus cur le hionadaíocht mac léinn ar choistí ábhartha. Cuirfear oiliúint ar fáil, mar chuid den chomhaontú, do mhic léinn ar mian leo a bheith rannpháirteach ar an gcaoi sin  mar a dhéanfar do chomhaltaí foirne ar mhaith leo oibriú le mic léinn ar an gcaoi chéanna. Féachfaidh an chomhpháirtíocht freisin le haiseolas a fháil ó mhic léinn le go mbeifí in ann bonn faisnéise a thabhairt don athrú bríoch agus dearfach. 

Déanann an Ollscoil tiomantas freisin cláir ionduchtaithe a mhaoiniú; imeachtaí sóisialta ar an gcampas a eagrú chun braistint pobail a chothú; oiliúint a chur ar fáil chun scileanna acadúla a fhorbairt, agus san áireamh leis sin bheadh tacaíochtaí scrúduithe; sláinte agus leas; agus oiliúint forbartha pearsanta, gairmiúla agus cathartha. 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories