Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2023 fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe

Máirín Ní Ghadhra, Craoltóir le RTÉ
Apr 17 2023 Posted: 14:07 IST

Tá buaiteoirí Ghradaim Alumni 2023 fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe agus bronnfar na gradaim orthu ag mórfhéasta Dé hAoine, an 16 Meitheamh 2023.

 

Tugann Gradaim Alumni aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí an 128,000 alumni de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Is ceannairí iad na buaiteoirí seo a bhfuil lorg fágtha acu ar a réimsí féin ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.  

 

Is í seo an 22ú bliain a mbeidh na gradaim á mbronnadh, agus is liosta le háireamh iad an 133 alumni den scoth a bhfuil gradam faighte acu go dtí seo. 

 

I measc na ndaoine mór le rá ar bronnadh Gradam Alumni orthu tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn; an t-iriseoir agus an craoltóir, Seán O'Rourke; an craoltóir, Gráinne Seoige; Adrian Jones; iarcheannairí Pháirtí an Lucht Oibre, Eamon Gilmore agus Pat Rabbitte; an Breitheamh de chuid na Cúirte Achomhairc, Máire Whelan; an lúthchleasaí Oilimpeach agus Curadh an Domhain, Olive Loughnane; an t-aisteoir agus duine de bhunaitheoirí Amharclann an Druid, Marie Mullen; agus an t-aisteoir Nicola Coughlan.  

 

Is iad seo a leanas buaiteoirí na n-ocht nGradam Alumni a bheidh le bronnadh ag Mórfhéasta Ghradaim Alumni 2023:  

 

-       Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann 

Jim Clarken, Príomhfheidhmeannach Oxfam Ireland (Coimisinéir na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Cathaoirleach Ghníomhaireacht an AE um Chearta Bunúsacha)

 

-       Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht & an Léann Ceilteach

Ray Burke, Iriseoir agus IarPhríomh-Eagarthóir Nuachta in RTÉ

 

-       Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht

An tOllamh Oliver O'Reilly, Leas-Phropast an Oideachais Fochéime, Ollscoil California, Berkeley

 

-       Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí – Urraithe ag RDJ

An Maorghinearál Maureen O'Brien, Leas-Chomhairleoir Míleata Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

 

-       Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic 

An Dr Dapo Odumeru MBE, Bainisteoir Dearbhaithe Feabhais Réigiúnach, Rannóg Fola agus Trasphlanduithe an NHS

 

-       Gradam Alumni don Ghaeilge – Urraithe ag Ollscoil na Gaillimhe

Máirín Ní Ghadhra, Craoltóir, RTÉ

 

-       Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt

Tony Regan, IarCheannasaí Spóirt in Ollscoil na Gaillimhe

 

-       Gradam Alumni do Cheannairí Nua – Urraithe ag Deloitte

Geraldine Lavelle, Údar, Scríbhneoir.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: “Is é an misean atá ag an ollscoil seo an domhan a fheabhsú tríd an teagasc, an taighde, agus trí dhul i bhfeidhm ar dhaoine. Tugann clár na nGradam Alumni aitheantas d’alumni a dhéanann difríocht dhearfach ar fud an domhain agus atá ina gceannairí ina réimsí roghnaithe. Táim thar a bheith sásta i mbliana gur féidir linn aitheantas a thabhairt do ghrúpa alumni a bhfuil an-éagsúlacht ag baint leo agus a bhfuil lorg a láimhe fágtha ar an domhan agus chun leasa an domhain, sa bhaile agus i gcéin. Tréaslaím le gach duine ar a bhfuil gradam le bronnadh agus táim ag súil le fáilte ar ais a chur rompu chuig a n-alma mater don Mhórfhéasta i mí an Mheithimh.”

 

Le háirithint a dhéanamh ar líne, gabh chuig www.universityofgalway.ie/alumni-friends/alumniawardsgalabanquet nó déan teagmháil le Colm O’Dwyer ag 091-494310

 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories