-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
March Foilsíonn OÉ Gaillimh agus Údarás Craolacháin na hÉireann Tuarascáil ar Chláir Ghaeilge ar Stáisiúin Raidió na hÉireann
Foilsíonn OÉ Gaillimh agus Údarás Craolacháin na hÉireann Tuarascáil ar Chláir Ghaeilge ar Stáisiúin Raidió na hÉireann
Ceann de na torthaí is mó a bhí ar an tuarascáil ná go dteastaíonn níos mó tacaíochta don chraolachán Gaeilge ó gach stáisiún neamhspleách
Ceaptar sa raidió tráchtála go mbaineann baol le cláir Ghaeilge
In ainneoin easpa acmhainní feiceann stáisiúin deiseanna forbartha maidir le podchraoladh, na meáin shóisialta agus tionscnaimh oideachais
Tá taighde nua déanta ag OÉ Gaillimh, céim a trí de thionscadal ar úsáid na Gaeilge ar sheirbhísí raidió ceadúnaithe na hÉireann ar fad seachas stáisiúin a chraolann i nGaeilge amháin. Foilsíodh an tuarascáil inniu (15 Márta 2021).
Ba é aidhm na tuarascála, a bhí maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), ná breathnú ar thuairimí ionadaithe stáisiúin maidir leis na constaicí agus na deiseanna a bhaineann le cláir raidió Ghaeilge sa todhchaí.
Ceann de na torthaí is mó a bhí ar an tuarascáil ná go dteastaíonn níos mó tacaíochta don chraolachán Gaeilge ó gach stáisiún neamhspleách.
Na Príomhchonclúidí ón taighde:
- Tá an méid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar na stáisiúin shamplacha fós íseal agus ní chraoltar í den chuid is mó ach taobh amuigh de na buaicuaireanta. Tá éagsúlacht mhór sa mhéid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil agus níl aon difríocht shuntasach idir stáisiúin a fhreastalaíonn ar an nGaeltacht agus iad siúd nach bhfuil aon cheantar Gaeltachta ina gceantar ceadúnais.
- Ina ainneoin sin, tá cláir rathúla Ghaeilge ag roinnt stáisiún le fada an lá agus tá siad dearfach maidir le tuilleadh forbartha ar ábhar i nGaeilge.
- Ceaptar go mbaineann baol le cláir Ghaeilge do raidió tráchtála.
- Teastaíonn níos mó tacaíochta ó gach stáisiún neamhspleách le craolachán Gaeilge. Tá an dúshlán níos mó arís do raidió pobail mar gheall go bhfuil siad ag obair ar bhonn deonach.
- Chuirfeadh stáisiúin raidió fáilte roimh chomhpháirtíochtaí seachtracha agus roimh chomhoibriú níos fearr le heagraíochtaí Gaeilge/scoileanna chun cabhrú le cláir agus ábhar.
- Ceann de na constaicí is mó a bhíonn roimh stáisiúin is ea easpa acmhainní agus ama chun ábhar Gaeilge a fhorbairt ach dúirt go leor stáisiún go raibh deiseanna forbartha maidir le podchraoladh, na meáin shóisialta agus tionscnaimh oideachais.
I measc na stáisiún a bhí san áireamh sa taighde bhí meascán de stáisiúin raidió tráchtála, seirbhíse poiblí, réigiúnacha agus pobail lena n-áirítear: Athlone Community Radio; Flirt FM; Galway Bay FM; Highland Radio; iRadio; NEAR FM; Newstalk; Ocean FM; Radio Kerry agus seirbhísí raidió RTÉ seachas Raidió na Gaeltachta. Cuireadh ionadaithe ó na stáisiúin go léir faoi agallamh don tuarascáil agus rinneadh cás-staidéir ar thrí stáisiún, Newstalk, Radio Kerry agus NEAR FM.
Moltaí ón tuarascáil:
- Ba cheart go bhfaigheadh an eagraíocht Ghaeilge Oireachtas na Gaeilge tacaíocht níos fadtéarmaí dá cuid oibre ag forbairt aschur raidió i nGaeilge.
- Ba chóir d’Údarás Craolacháin na hÉireann soiléiriú a thabhairt ar obair a fhoirne Gaeilge agus deiseanna oiliúna agus socrúcháin oibre a fhorbairt.
- Ba cheart a fhiosrú an bhféadfaí cláir atá ann cheana a roinnt nó ábhar sindeacáite nua a chruthú i nGaeilge.
- Tar éis Covid-19, ba cheart do chraoltóirí urraíocht a lorg d’ábhar Gaeilge.
- Ba cheart maoiniú d’ábhar closamhairc nua Gaeilge a chumhdach sa Bhille nua um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne.
- Ba cheart an tAcht Craolacháin a leasú chun a chinntiú go gcruthaíonn gach stáisiún raidió a n-ábhar Gaeilge féin le craoladh agus ar ardáin dhigiteacha. Ba chóir go mbeadh níos mó ábhar i nGaeilge ag stáisiúin a chlúdaíonn ceantar Gaeltachta.
Labhair an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in OÉ Gaillimh agus údar na tuarascála mar seo a leanas: “Cé go bhfuil roinnt cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán le clos ar stáisiúin raidió a chraolann i mBéarla, léiríonn an tuarascáil seo gur beag Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin raidió na tíre, stáisiúin a bhfuil limistéar Gaeltachta ina gceantar ceadúnais san áireamh. Teastaíonn tuilleadh tacaíochta agus comhairle maidir le forbairt ábhair Gaeilge ón earnáil raidió tríd is tríd agus tá deis ann tuilleadh comhoibrithe a fhorbairt le heagraíochtaí Gaeilge. Faoin reachtaíocht nua faoi shábháilteacht ar líne agus rialáil na meán atá á plé faoi láthair, is féidir déileáil leis na ceisteanna seo agus áit lárnach a chinntiú don Ghaeilge i dtírdhreach na meán amach anseo.”
D’fhéach an chéad dá chéim den staidéar le himscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar tugadh aitheantas do na forálacha dleathacha agus don treoir rialála maidir leis an nGaeilge i gcláir raidió. Tá forálacha sna hAchtanna Craolacháin a achtaíodh ó dheireadh na 1980í inar éilíodh go ndéanfaí breithniú ar an nGaeilge i rith an phróisis ceadúnaithe. Anuas air sin, tá cur chun cinn na Gaeilge curtha san áireamh go leanúnach ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus ag na heagraíochtaí ar tháinig sé i gcomharbacht orthu ina bpleananna straitéiseacha le 30 bliain anuas.
Seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Cuireann an BAI fáilte roimh an taighde leanúnach maidir le húsáid na Gaeilge ar sheirbhísí raidió na hÉireann atá déanta ag an Dr John Walsh i gcomhpháirt le OÉ Gaillimh. Bhí an-áthas ar an BAI tacú i bhfoirm mhaoinithe le tríú céim an tionscadail taighde seo ina ndírítear ar na dúshláin atá roimh chláir Ghaeilge ar an raidió, chomh maith leis na deiseanna, mar a chuir bainisteoirí agus ionadaithe stáisiúin in iúl iad, arb iad is fearr a bhfuil taithí acu ar chláir Ghaeilge a chraoladh laistigh de sceidil stáisiúin.”
“Tarraingíonn torthaí an taighde seo aird ar roinnt pointí spéisiúla i ndáil le tiomantais atá déanta maidir le cláir Ghaeilge. Bíodh is gur léir go bhfuil craoltóirí áirithe ann a chuireann rompu go gníomhach an soláthar clár Gaeilge a fheabhsú, tá dúshláin san earnáil trí chéile le sárú i gcónaí maidir leis na cláir seo a sheachadadh. Glacann an BAI buíochas leis an Dr Walsh as na hiarrachtaí atá déanta aige leis an tionscadal seo, go mór mór i bhfianaise na ndúshlán a bhain le Covid-19 agus tréaslaíonn sé le OÉ Gaillimh as an tacaíocht atá tugtha aige don taighde luachmhar seo.”
Chun an doiciméad iomlán ‘Taighde ar Úsáid na Gaeilge ar an Raidió – Céim a 3’ a léamh, féach: https://aran.library.nuigalway.ie/handle/10379/16586 agus www.bai.ie.
-Críoch-