Forléargas ar an gCúrsa

Is é cuspóir an Dioplóma scileanna cumarsáide agus scríofa sa Ghaeilge a thabhairt d'iarrthóirí a chuirfidh ar a gcumas a ngnó gairmiúil a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge.

 

Iarratais agus roghnúchán

Foirm Iarratais

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm seo: Foirm Iarratais ar líne 

Má thugann tú faoin gcúrsa seo déanfar thú a chlárú ar Chóras Clárúcháin na hOllscoile.

An Triail Socrúcháin Teanga

  • Caithfidh tú an Triail Socrúcháin Teanga a dhéanamh.
  • Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici.
  • Beidh deis agat é a dhéanamh díreach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
  • Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  • Cuideoidh an Triail seo linn tú a chur sa rang cuí.
 

Eolas faoi na teagascóirí

Riachtanais agus measúnú

  • An Scrúdú Cainte: Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
  • An Scrúdú Scríofa: Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
  • Measúnuithe Leanúnacha: I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí dhá mheasúnú a sheasamh.
 

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil leibhéal pas bainte amach acu i scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteistiméireachta agus a bhaineann amach caighdeán sásúil sa Triail Socrúcháin Teanga. Is ag Stiúrthóir an chúrsa, atá ceaptha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, atá an cead glacadh le hiarrthóirí nó diúltú dóibh. Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh.

 

Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

20

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

7

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Tá cúig mhodúl sa Dioplóma seo. Ní mór do gach mac léinn pas a fháil i ngach modúl chun an Dioplóma a bhaint amach.

Seo a leanas na modúil:

  • Ceart na Gaeilge (Bliain 1 agus 2).
  • Straitéisí Comhrá (Bliain 1 - modúl dúbailte).
  • Saíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta (Bliain 2).  
 

Breisoideachas

 Is féidir le mic léinn tabhairt faoi iliomad cúrsaí sa Ghaeilge tar éis dóibh an cháilíocht Dioplóma sa Ghaeilge C1 a bhaint amach.

 

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Cuirfidh an Dioplóma le do dheiseanna fostaíochta i réimse leathan gairmeacha i saol na Gaeilge, ina measc tá an mhúinteoireacht, an chraoltóireacht agus an iriseoireacht.

 

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€990 in aghaidh na bliana

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Táille Alumni
€660 sa bhliain

Táille do na mic léinn lánaimseartha in Ollscoil na Gaillimhe
€250 sa bhliain

Seol ríomhphost chuig andioplomasaghaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí an chúrsa.

Tuilleadh eolais

Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh

Ríomhphost: andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie

 

Cad a deir ár mic léinn

Catherine

Catherine Connolly, T.D. |   Dioplóma sa Ghaeilge

Bhí suim agam ariamh sa Ghaeilge ach ní raibh mé líofa sa teanga, mar sin thug mé faoin Dioplóma sa Ghaeilge chun barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge labhartha. Mar pholaiteoir agus gníomhaí pobail feictear dom go bhfuil buntáiste breise agam má tá mé in ann déileáil leis na meáin Ghaeilge, agus thug an cúrsa seo muinín dom láithreacht a bhaint amach ar Raidió na Gaeltachta, ar TG4 & ar Nuacht RTÉ. Tá sé seo an-tábhachtach domsa go pearsanta, go háirithe agus mé tofa mar Theachta Dála ar dháilcheantair na Gaillimhe Thiar agus mé i mo chónaí i gcathair dhátheangach atá ar imeall cheann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa; a bhuíochas sin do na teagascóirí a mhúin an t-ábhar dom ar bhealach suimiúil agus taitneamhach i gcónaí.