Cuireann Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh na mílte chuig an gcampas le haghaidh Laethanta Oscailte Fochéime an Fhómhai

Beidh Abbie Gough, mac léinn atá i mbun Baitsiléir Eolaíochta, i measc na n-ambasadóirí mac léinn bheidh ar fáil chun tacú leis na mic léinn féideartha agus a dteaghlaigh a bheidh ag freastal ar Laethanta Oscailte an Fhómhair in Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint – Martina Regan.
Sep 23 2024 Posted: 11:13 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe réidh chun fáilte a chur roimh na mílte mac léinn féideartha, tuismitheoirí, comhairleoirí gairmthreorach agus múinteoirí chuig Laethanta Oscailte na bliana seo – na cinn is mó riamh.

Reáchtáltar an imeacht seo thar dhá lá i gcúig spás taispeántais suite ar fud an champais seo i lár na cathrach agus cois abhann, agus áirítear ann na céadta cainteanna ar chúrsaí agus ar ábhair chomh maith le deiseanna do dhaltaí blaiseadh ceart a fháil de shaol na hOllscoile seo.

Beidh laethanta oscailte an fhómhair ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 4 agus an 5 Deireadh Fómhair, ó 9:00am go 3:00pm gach lá.

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in Ollscoil na Gaillimhe: “Is é cuspóir na Laethanta Oscailte seo blaiseadh ceart a thabhairt do mhic léinn ar shaol na hollscoile, agus é a chur ar a súile dóibh an t-iliomad deiseanna iontacha atá amach rompu. Is údar bróid dúinn a bheith rangaithe i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna an domhain, agus i measc an 100 is fearr san Eoraip! Níos fearr ná sin, táimid rangaithe sa 34ú háit ar domhan, agus sa chéad áit in Éirinn, de réir Ranguithe Tionchair THE de thoradh ár gcuid oibre ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

“Tá ár léachtóirí, comhaltaí foirne agus mic léinn reatha iontacha ar bís le bualadh leo siúd a bheidh ina mic léinn amach anseo, agus cuidiú leo eolas a fháil ar na roghanna spreagúla staidéir agus gairme go léir atá ar fáil dóibh. Cuirimid os cionn 60 fochéim ar fáil a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Leigheas, Altranas, Eolaíochtaí Sláinte, na Dána, Eolaíocht, Innealtóireacht, Gnó, Dlí agus Bainistíocht Óstáin. Ina theannta sin, soláthraíonn breis agus 90% de na cúrsaí deiseanna chun tabhairt faoi shocrúchán oibre agus/nó staidéar thar lear chun a chinntiú go mbíonn céimithe réidh don ionad oibre, agus go mbíonn tóir ag fostóirí sa bhaile agus thar lear orthu. Níl an ollscoil seo le sárú ó thaobh na ndeiseanna foghlama atá ar fáil ón sárthaighde agus teagasc a bhíonn ar siúl ag na comhaltaí foirne acadúla anseo, rud a réiteoidh daoine óga do ghairm thairbheach áit ar bith ar domhan.”

Buaicphointe Laethanta Oscailte na bliana seo is ea go dtabharfar rochtain eisiach ar roinnt de na háiseanna teagaisc agus foghlama is nuálaí dá bhfuil againn. Ina measc:

  • Is féidir le daltaí atá ag cuimhneamh tabhairt faoin altranas amach anseo turas a fháil ar na háiseanna Altranais agus Cnáimhseachais. Cuirfear tús leis na turais in Áras Mhaighe Seola, an Zón Glas, ag 1pm agus 1:30pm an dá lá.
  • Dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí Dlí, ná cailltear an deis cuairt a thabhairt ar Chúirt Bhréige Scoil an Dlí ina n-athchruthaítear éispéireas an tseomra cúirte! Tá cúig thuras in aghaidh an lae, ach ní mór clárú roimh ré ag Seastán 45 sa Zón Oráiste.
  • Tabharfaidh Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta turais ar Áras iontach na hInnealtóireachta, a thosófar i bhforhalla an Zóin Ghlais.
  • Ba cheart do mhic léinn a bhfuil spéis acu san Fhisic clárú ag Seastán 6 sa Zón Corcra le haghaidh turas spreagúil ar na saotharlanna Fisice.
  • Is féidir le lucht spéise na Drámaíochta páirt a ghlacadh i Máistir-rang Drámaíochta ag 1pm, nó i dturas ar Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú i bhforhalla an Zóin Ghoirm ag 11:30am.
  • Beidh deis ag daoine a bhfuil dúil acu i gcúrsaí spóirt bualadh le cóitseálaithe agus lúthchleasaithe chun tuilleadh eolais a fháil ar na scoláireachtaí spóirt agus na háiseanna den scoth atá ar fáil anseo. Beidh na sonraí go léir le fáil gach lá in The Cube, sa Zón Oráiste.

Ina theannta sin, tabharfar deis do dhaltaí lóistín an champais a fheiceáil agus blaiseadh a fháil de shaol an mhic léinn. Cuirfear fáilte roimh thuismitheoirí chuig léacht speisialta do Thuismitheoirí ag 11:30am Dé Sathairn, ina bhfaighidh siad go leor leideanna faoin gcaoi is fearr chun tacú le mic léinn agus iad ag aistriú go dtí an ollscoil.

Is gá clárú roimh ré, agus tá tuilleadh eolais agus an clár iomlán ar fáil ag www.universityofgalway.ie/opendays, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig opendays@universityofgalway.ie.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories