Stock image of cleaning

Seirbhísí Glantacháin

Glanadh Ginearálta
Tá Foirgnimh & Eastáit freagrach as glanadh inmheánach gach foirgneamh Ollscoile. Foireann inmheánach agus foireann ar conradh a dhéanann an glanadh. Má tá aon cheist nó iarratas agat maidir leis an tseirbhís glantacháin, seol ríomhphost chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie

Seirbhísí breise glantacháin
Is féidir seirbhísí breise glantacháin a shocrú e.g. glanadh cairpéad, sciúradh iomlán, glanadh d’ócáidí. Seol ríomhphost chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie le sonraí d’iarratais. Socróidh Foirgnimh & Eastáit go ndéanfaidh ár gconraitheoir faofa glantacháin an obair. Eiseoidh an conraitheoir glantacháin sonrasc ar leith le haghaidh chostas an ghlantacháin bhreise don aonad a d’iarr é.

Glanadh na bhFuinneog
Déanann conraitheoir glantacháin seachtrach na fuinneoga istigh agus amuigh a ghlanadh gach bliain idir Iúil agus Meán Fómhair. Glantar fuinneoga ar bhonn foirgneamh ar fhoirgneamh.

Seirbhís Lóistíochta an Champais

Soláthraíonn Foirgnimh & Eastáit seirbhís freastail agus maoirseachta chun tacú le reáchtáil na hOllscoile. Láimhseálann an fhoireann tascanna éagsúla, lena n-áirítear socrú d’imeachtaí, bailiú agus seachadadh earraí nó trealaimh, aistriú oifige/saotharlainne agus seachadadh poist, agus iad ar fad ag tacú le riachtanais oibríochtúla éagsúla phobal na hollscoile.

Chun trealamh nó earraí eile a iompar, is féidir leat ríomhphost a chur chugainn ag buildingsandestates@universityofgalway.ie

Agus iarratas á dhéanamh agat, ní mór duit a lua go soiléir:

  • Láthair bheacht an ábhair atá le bogadh
  • Deimhniú go bhfuil an t-ábhar féin marcáilte go soiléir le comharthaíocht oiriúnach
  • Ceann scríbe cruinn do na hearraí
  • Meastachán de mheáchan na n-earraí
  • Cuir grianghraf ar fáil más féidir ionas gur féidir linn na hacmhainní a theastaíonn a mheas
  • Má tá an t-ábhar á bhaint as saotharlann, ní mór an Deimhniú Dí-éillithe a scanadh agus a sheoladh ar rphost le d'iarratas. Ní bheifear in ann d’iarratas a sceidealú go dtí go mbeidh cóip den deimhniú faighte

Caithfidh an t-iarratasóir a bheith ar fáil ar an nguthán ag am sceidealaithe an bhailiúcháin.

Foirgnimh Sheachfhoinsithe

Déantar seirbhísí i roinnt foirgneamh a chur amach ar conradh chuig na conraitheoirí speisialta Neylons, déan teagmháil lena ndeasc chabhrach mar seo a leanas: helpdesk@neylons.ie

Teil: 091-353505

Maidir le gach iarratas cothabhála foirgnimh, deisiúcháin nó glantacháin bain úsáid as na sonraí teagmhála thuas agus luaigh na nithe seo a leanas:

  • D’ainm
  • D'uimhir ghutháin
  • Do ríomhphost
  • Uimhir an Fhoirgnimh
  • Suíomh
  • Tosaíocht (Íseal/Meán/Ard)
  • Déan cur síos ar an bhfadhb
  • (Cuir grianghraif ar fáil nuair is féidir)