Uaireanta a bhfreagrófar an Guthán ag an Deasc Chabhrach i mí Iúil

Ar feadh mhí Iúil, freagrófar an guthán ag Deasc Chabhrach na bhFoirgneamh & na nEastát ó 09:30 AM go 12:30 PM. Is féidir freisin ticéad a logáil ar PEMAC nó ríomhphost a sheoladh chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie. I gcás éigeandála, déan teagmháil leis an Oifig Slándála ag 091 492333.

Fiosruithe tríd an Deasc Chabhrach

Fiosruithe tríd an Deasc Chabhrach

Rphost: buildingsandestates@universityofgalway.ie nó Teileafón (091) 492134, folíne 2134.

Email

Fabht a Thuairisciú / Iarratais ar Sheirbhísí

Baineann Foirgnimh agus Eastáit úsáid as córas bainistíochta iarratas ar líne (Pemac Assets) chun fabht a thuairisciú / iarratais chothabhála a bhainistiú. Déan teagmháil le do Theagmhálaí Foirgneamh & Eastát chun iarratais a dhéanamh ar líne.

Céard iad na cineálacha iarratas ar cheart dom a dhéanamh ar Pemac?

  • Siúinéireacht
  • Obair leictreach
  • Cosc Dóiteáin
  • Seirbhísí feistithe
  • Teas, Aeráil, Aerchóiriú (HVAC)
  • Tírdhreach agus Cothabháil Tailte
  • Obair dheisiúcháin ar ardaitheoir
  • Péinteáil
  • Srianadh Lotnaidí
  • Pluiméireacht
  • Slándáil (eochracha agus rochtain)
  • ComharthaíochtComharthaíocht

Ar chúiseanna oibríochtúla ní logáiltear iarratais a bhaineann le glantachán, seirbhísí freastalaithe ná iompar ar Pemac. Seol ríomhphost le sonraí d’iarratais chuig buildingsandestates@universityofgalway.ie

Foirgnimh Sheachfhoinsithe

Déantar seirbhísí i roinnt foirgneamh a chur amach ar conradh chuig conraitheoirí, déan teagmháil lena ndeasc chabhrach mar seo a leanas:

Neylons

Eolaíochtaí Bithleighis – Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig helpdesk@neylons.ie  agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie  

Institiúid Lambe - Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig helpdesk@neylons.ie  agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie 

Cúrsa Saoil – Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig helpdesk@neylons.ie  agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie 

Bitheolaíocht Daonna – Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig helpdesk@neylons.ie  agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie 

CCMI – Urlár uachtar Orbsen - Saoráidí & Seirbhísí
seol rphost chuig helpdesk@neylons.ie  agus cóip chuig noel.rodgers@universityofgalway.ie 

Ról atá ag Teagmhálaí Fhoirgneamh & Eastát

Is comhalta foirne é/í Teagmhálaí Fhoirgneamh & Eastát (agus ionadaí de ghnáth) laistigh d’oifig/aonad/disciplín a fheidhmíonn mar theagmhálaí le Foirgnimh & Eastáit maidir leis na nithe seo a leanas:

  1. Iarratais Chothabhála: iarratais chothabhála a logáil agus iad a fhiosrú, lena n-áirítear iarratais a bhaineann le sceitheadh uisce, briseadh cumhachta, siúinéireacht etc.

  2. Pointe teagmhála chun eolas ó Fhoirgnimh & Eastáit a scaipeadh ar fhoireann na hOllscoile, go háirithe i gcás éigeandála nó dúnadh síos etc.

  3. Sonraí bainistíochta spáis: cabhrú le Foirgnimh & Eastáit ár sonraí spáis a choinneáil cothrom le dáta, i.e. tuarascálacha áitíochta nuashonraithe a sholáthar dúinn nuair a iarrtar iad, agus fógra a thabhairt d’Fhoirgnimh agus Eastáit faoi aon athruithe ar áitíocht etc.

  4. A chinntiú go gcoimeádtar eolas teagmhála theagmhálaithe Fhoirgneamh & Eastát cothrom le dáta, ionas gur féidir le Foirgnimh & Eastáit teachtaireachtaí cumarsáide a sheoladh chuig na daoine cearta i gcás éigeandála, nó faoi oibreacha atá le déanamh.

Féach ar liosta d'Theagmhálaithe Fhoirgneamh & Eastát.

Coinnigh suas chun dáta le Buildings and Estates Unit Liaison Communications.

Oiliúint Sábháilteachta Dóiteáin