students in Bailey Allen Hall

Seomra Cruinnithe nó Ócáid a chur in áirithe

Má tá aon cheist agat faoi Chruinnithe/Imeachtaí mar shampla searmanais, aontaí, seoltaí, fáiltithe agus taispeántais, líon an Fhoirm Iarratais chun Seomra Cruinnithe/Ócáidí  a chur in áirithe.

Oifig na Seirbhísí Tráchtála - déan teagmháil le Seirbhísí Tráchtála má tá grúpa seachtrach, comhdháil, etc. i gceist.

Seomraí Acadúla a chur in áirithe

Chun seomra acadúil a chur in áirithe le haghaidh léachtaí nó ranganna teagaisc a tharlaíonn go rialta nó uair amháin, mar shampla, seol ríomhphost chuig space@universityofgalway.ie. Bíonn an t-eolas a leanas de dhíth le haghaidh áirithintí acadúla:

  • Disciplín/Aonad/Ionad costais (a úsáidtear chun áirithintí a aimsiú, ní ghearrtar aon táille)
  • Cód an Mhodúil
  • Uimhir foirne
  • Dáta
  • Am
  • Méid an Ranga
  • Cineál Ranga

Cruinnithe Ar Líne| Físchomhdháil

Tá eolas ó CELT faoi threalamh closamhairc agus faoi theicneolaíocht in ionaid hibrideacha ar fáil anseo..

Eolas do Chumainn agus do Chlubanna na Mac Léinn

Cliceáil anseo le haghaidh eolas do Chumainn agus do Chlubanna na Mac Léinn.