Tá spás thar a bheith luachmhar; tá gach spás á rialú ag an Ollscoil agus roinnte ar bhonn riachtanas léirithe, ag cur tosaíochtaí straitéiseacha san áireamh. Beidh roinnt na spásanna soiléir, cothrom, trédhearcach agus uilechuimsitheach.

Foirm Iarratais ar Spás

Más mian leat spás nua a iarraidh, leagan amach reatha a athrú nó oifig a aistriú, líon an fhoirm ar líne le do thoil.

Foirm ar líne

Nuair a bheidh an fhoirm seolta agat, déanfaidh Grúpa Spáis na bhFoirgneamh & na nEastát í a mheas agus gheobhaidh tú freagra in am trátha. 

Maidir le haistriú oifige, teastaíonn fógra coicíse ar a laghad. Déanfaidh an comhordaitheoir aistrithe gach iarracht an oifig a aistriú a luaithe is féidir.