-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Fáilte chuig an bhFoghlaim d'Aosaigh
Fáilte chuig an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh. Cuirimid réimse cúrsaí Gairmiúla, Páirtaimseartha agus Oíche ar fáil. Tugann ár gcúrsaí solúbtha deis duit staidéar a dhéanamh i d'am féin i réimse leathan ábhar. Más ag iarraidh athoiliúint a chur ort féin don fhostaíocht atá tú nó ar mhaithe le d'fhorbairt phearsanta, tá cúrsa againne duit!

Buneolas Fúinn
Tá breis is leathchéad bliain caite againn ag obair le foghlaimeoirí aosaigh, le pobail áitiúla agus le heagraíochtaí. Cuirimid réimse leathan cúrsaí páirtaimseartha atá solúbtha agus inacmhainne ar fáil in ábhair cosúil leis na Daonnachtaí, Oideachas Pobail, na hEolaíochtaí Sóisialta, Gnó & Bainistíocht, Eolaíocht & Teicneolaíocht agus Oiliúint & Oideachas.
Tá cúrsaí Teastais, Dioplóma, Céime agus Máistreachta ar fáil againn. Tá idir chúrsa 8 seachtaine againn sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus Mháistreacht in Innealtóireacht Bogearraí agus Teicneolaíochtaí Bunachair Sonraí.
Is iomaí bealach atá tú in ann tabhairt faoi chúrsa (i.e. i seomra ranga, ar líne) agus beidh tú in ann staidéar a dhéanamh i d'am féin ag brath ar do shaol oibre agus pearsanta. Tuilleadh eolais anseo.

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Tá sé níos éasca anois ná riamh foghlaim trí CPD - Forbairt Ghairmiúil Leanúnach - a bhuíochas don Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh.
Próiseas é CPD ina mbainistíonn tú do chuid eolais agus scileanna gairmiúla féin ar bhonn leanúnach. Trí CPD beidh an deis agat cuntas a choinneáil ar do chuid foghlama, í a athbhreithniú agus machnamh a dhéanamh uirthi. Tá sé seo riachtanach d'fhostaíocht leanúnach agus ardú céime.
Féadfaidh tú modúl amháin a dhéanamh nó cúpla ceann a dhéanamh neamhspleách ar a chéile. Tá na modúil dírithe ar an tionscal agus is deis iontach iad le hathoiliúint a chur ort féin i do ghairm agus cur le do phortfóilió CPD. Tuilleadh eolais anseo.

An Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta
Gach samhradh tagann breis is trí chéad mac léinn idirnáisiúnta a bhfuil suim acu sa Léann Éireannach, Oideachas in Éirinn, an Ghaeilge, Seandálaíocht, Geolaíocht agus Eiceolaíocht ar cuairt chugainn.
Tugann na cúrsaí dearcadh maith, ilchineálach do na mic léinn ar an ábhar. Is léachtóirí agus daoine gairmiúla den scoth a bhfuil réimse leathan saineolais acu ina n-ábhair féin a bhíonn ag teagasc ar na cúrsaí.
Cuid lárnach de na cúrsaí iad na turais oideachais a dhéanann na mic léinn agus a thugann an deis dóibh eolas praiticiúil a chur ar ábhar ar leith. I rith do thréimhse staidéir, beidh an deis agat cuairt a thabhairt ar chathair na Gaillimhe agus ar áiteanna eile in Éirinn. Tuilleadh eolais anseo.