Tá buntáiste ar leith ag baint leis an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ó thaobh suímh agus pobail de.

Tá buntáiste ar leith ag baint leis an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ó thaobh suímh agus pobail de. Is muidne an t-aon ollscoil atá lonnaithe ar bhruach na Gaeltachta agus tá Ionaid Ghaeltachta againn ar an gCeathrú Rua agus i gCarna, i gCo. na Gaillimhe, agus i nGaoth Dobhair, i gCo. Dhún na nGall.  Buntáiste mór é do mhic léinn a bhfuil suim acu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge go bhfuil pobal bríomhar cainteoirí Gaeilge san ollscoil, agus go bhfuil pobal na hOllscoile fite fuaite i bpobail Ghaeilge agus Ghaeltachta.

Téann céimithe le Gaeilge ag obair i réimse leathan post, ar a n-áirítear an mhúinteoireacht, an earnáil phoiblí agus an earnáil ghnó, an státseirbhís, na meáin chumarsáide, aistriúchán, margaíocht agus cumarsáid, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.  De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, beidh ar gach comhlacht poiblí a chinntiú go mbeidh 20% dá mball foirne in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, agus níl aon dabht ach gur ag méadú a bheidh líon na ndeiseanna a bheidh ar fáil do chéimithe le Gaeilge feasta.

Tá an rogha cúrsaí Gaeilge a leanas ar fáil ag leibhéil éagsúla, agus i réimsí éagsúla, in Ollscoil na Gaillimhe.

Cúrsaí Fochéime

Is féidir staidéar a dhéanamh ar na hábhair a leanas trí mheán na Gaeilge:

An Ghaeilge

Cuireann clár Gaeilge Ollscoil na Gaillimhe oiliúint chuimsitheach ar fáil i dTeanga, i Litríocht agus i gCultúr na Gaeilge.  Nuair a bheidh cúrsa BA (Comhonórach le Gaeilge) déanta acu, ba cheart go mbeadh céimithe in ann labhairt go cruinn, líofa i nGaeilge ina gcuid oibre agus ina saol sóisialta. Tuigfidh siad an tábhacht atá le hoidhreacht na Gaeilge. Tá éileamh mór ar chéimithe le honóracha sa Ghaeilge. Beidh an-chuid scileanna inaistrithe acu idir eolas, anailís agus thaighde.  Bíonn céimithe le Gaeilge fostaithe i réimse an-leathan post chomh maith leis an múinteoireacht, sna meáin, agus san iriseoireacht.  Comhlíonann cúrsa na Gaeilge riachtanais na Comhairle Múinteoireachta.  Tá ganntanas mór múinteoirí Gaeilge in earnáil an mheánoideachais faoi láthair agus tá an-éileamh ar chéimithe as Gaillimh mar mhúinteoirí Gaeilge.

Is cúrsa ceithre bliana í an chéim BA sa Ghaeilge, mar atá i gceist le cúrsa ar bith eile sna nuatheangacha san Ollscoil (m.sh. an Fhraincis nó an Ghearmáinis). Sa chéad bhliain, roghnóidh tú an Ghaeilge agus dhá ábhar eile mar ábhair staidéir na bliana sin. Sa dara bliain, má roghnaíonn tú an Ghaeilge mar ábhar céime (in éineacht le hábhar amháin eile), aistreoidh tú chuig clár an BA (Comhonóracha le Gaeilge).

Mar chuid den chlár nua seo, caithfidh tú an chéad seimeastar den tríú bliain sa Ghaeltacht i gceann d'ionaid Ghaeltachta na hOllscoile (.i. Carna nó An Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, nó Gaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall). Sa dara seimeastar, cuirfear deis Socrúchán Oibre ar fáil duit. Má tá nuatheanga Eorpach eile mar ábhar staidéir agat, d'fhéadfá tréimhse a chaitheamh thar sáile san Eoraip ar an gclár Erasmus+ sa tríú bliain. Fillfidh tú ar phríomhchampas na hOllscoile i nGaillimh i gcomhair bhliain na céime.

Riachtanais Iontrála Ardteistiméireachta - Tá H5 sa Ghaeilge riachtanach.

Léann an Aistriúcháin

Oireann Léann an Aistriúcháin do mhic léinn ar spéis leo teangacha, go háirithe an Ghaeilge; ar spéis leo a bheith in ann an Ghaeilge a scríobh go cruinn agus ar spéis leo a fháil amach mar a chuireann daoine iad féin in iúl i dteangacha difriúla, go háirithe as Gaeilge, as Béarla agus as Fraincis.  Tá deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine a bhfuil cáilíocht acu san aistriúchán de bharr Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach. Anois agus stádas iomlán oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach beidh go leor deiseanna maithe fostaíochta ar fáil, dóibh siúd a bhfuil cáilíocht aitheanta aistriúcháin acu mar aon le teanga Eorpach eile (chomh maith le Gaeilge agus Béarla), ach go háirithe. Bíonn poist le fáil ag céimithe Léann an Aistriúcháin sna réimsí seo a leanas freisin: gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, féinfhostaíocht, eagraíochtaí stáit, agus teagasc na Gaeilge.

Roghanna Foghlama

Más spéis leat céim i réimse an aistriúcháin tá dhá rogha agat:

staidéar a dhéanamh ar Léann an Aistriúcháin mar ábhar roghnach sa BA Onóracha Dhá Ábhar (GY101).  Beidh trí ábhar le roghnú agat sa Chéad Bhliain agus leanfaidh tú ar aghaidh le dhá ábhar onóracha don chéim.

an BA (Léann Teanga) (GY136) a roghnú—sa chás sin beidh Fraincis nó Gaeilge mar ábhair agat don chéim in éineacht le Léann an Aistriúcháin ón dara bliain ar aghaidh. Cúrsa céime ceithre bliana (socrúchán oibre nó/agus Erasmus/seimeastar sa Ghaeltacht sa tríú bliain) atá ann.  

I gcásanna áirithe is féidir aistriú sa dara bliain ó chúrsa 3 bliana go 4 bliana. Is féidir bliain bhreise (an 3ú bliain) a chaitheamh i mbun taithí oibre nó taithí oibre/seimeastar sa Ghaeltacht má theastaíonn uait sin a dhéanamh. Beidh trí ábhar le roghnú agat sa Chéad Bhliain agus leanfaidh tú ar aghaidh le dhá ábhar onóracha don chéim.

Léann na Cumarsáide

Má roghnaíonn tú Léann na Cumarsáide, bainfidh tú sult agus taitneamh as an meascán tomhaiste den staidéar acadúil agus den oiliúint phraiticiúil a gheobhaidh tú san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht agus sna hilmheáin.  Cabhróidh Léann na Cumarsáide leat forbairt a dhéanamh mar dhuine atá in ann machnamh criticiúil agus grinnanailís a dhéanamh ar réimse leathan ábhar.  Agus do chéim bainte amach agat beidh tú oilte sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht, san iriseoireacht chlóite agus ar líne, sna hilmheáin agus i dteicneolaíochtaí digiteacha éagsúla. Beidh tú inniúil ar struchtúr an scéil agus ar theanga na físe; beidh tú in ann anailís a dhéanamh ar ról na meán sa tsochaí chomhaimseartha, agus beidh tuiscint ghrinn agat ar shaol agus ar chultúr na teanga mar theanga bheo sa lá atá inniu ann. Is é taithí chéimithe an chláir ná gur buntáiste suntasach dóibh é a líofacht Ghaeilge agus iad sa tóir ar fhostaíocht i margadh fíoriomaíoch na meán, margadh na teilifíse agus an raidió go háirithe. 

Roghanna Foghlama

Más spéis leat céim sna meáin a bhaint trí Ghaeilge tá cúpla rogha agat:

staidéar a dhéanamh ar Léann na Cumarsáide mar ábhar roghnach sa BA (GY101) in imeacht trí bliana.  Má roghnaíonn tú Léann na Cumarsáide mar ábhar, beidh teacht agat ar chuimse ábhar eile. Ina measc siúd tá Gaeilge, Béarla, Stair, Léann an Aistriúcháin, Teicneolaíocht na Faisnéise, Síceolaíocht agus Léann na Socheolaíochta agus na Polaitíochta. Roghnaíonn tú trí ábhar sa Chéad Bhliain agus leanann tú ar aghaidh le dhá ábhar onóracha don chéim. Tá  rogha ar fáil an chéim a bhaint amach in imeacht ceithre bliana le teanga eile (m.sh. Fraincis, Iodáilis, Spáinnis) freisin.

an BA (Cumarsáid and Gaeilge) (GY122) a bhaint amach in imeacht ceithre bliana, agus seimeastar Gaeltachta agus taithí oibre le déanamh sa tríú bliain.  Sa tríú bliain, tá deis agat taithí oibre a fháil in earnáil na meán, nó tionscadal ‘foghlaim sa phobal’ a chur i gcrích. Gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair mar aon le taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse.

Ábhair chéime a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge

An Ghaeilge

Is féidir le mic léinn a roghnaíonn na cúrsaí céime a leanas staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar céime.

GY208 – BComm le Gaeilge

Clár céime ceithre bliana sa tráchtáil é seo a bhfuil staidéar ar an nGaeilge mar chuid de. Tabharfaidh sé seo deis do mhic léinn a gcuid scileanna teanga a fhorbairt agus iad ag fáil léargas den scoth ar shaol an ghnó agus an chultúir. Oireann an cháilíocht seo do mhic léinn ar mian leo gairm le gnó nó ar mian leo rogha leathan gairmeacha a bheith acu. 

Sa tríú bliain den chúrsa ceithre bliana seo, caitheann mic léinn an chéad seimeastar in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, agus sa dara seimeastar, faigheann siad tuiscint ar thábhacht na Gaeilge sa saol gairmiúil agus iad ag tabhairt faoi shocrúchán oibre trí Ghaeilge.  Déantar meascán de mhodúil teanga agus ghnó ar an Seimeastar Gaeltachta ach iad á seachadadh i nGaeilge.  Is trí Bhéarla a mhúintear na modúil thráchtála ar fad i mblianta 1, 2 agus 4.

GY105 – BA (Stair)

GY110 – BA (Léann na Leanaí)

GY111 – BA (Béarla & Scríbhneoireacht Chruthaitheach)

GY113 – BA le Cearta Daonna

GY118 – BA (Drámaíocht, Téatar, agus Léann an Taibhléirithe)

GY119 – BA (Iriseoireacht)

GY125 – BA (Ealaíona Digiteacha agus Teicneolaíocht)

GY127 – BA (Scannánaíocht agus na Meáin Dhigiteacha)

GY128 – BA (Teangacha Domhanda)

GY129 – BA (Taithí Dhomhanda)

GY130 – BA (Ceol)

GY135 – BA (Meáin Dhomhanda)

 

I gcás roinnt ábhar eile, tugtar deis do mhic léinn a dteastaíonn uathu tabhairt faoi na measúnuithe i nGaeilge sin a dhéanamh, bíodh is gur i mBéarla a dhéantar an teagasc den chuid is mó. 

 

 

Modúil a chuirtear ar fáil i nGaeilge

Déantar modúil a thairiscint agus a chur ar fáil i nGaeilge i gColáistí uile na hOllscoile.  

Dlí le Gaeilge

Tugann an Sruth Gaeilge deis do mhic léinn a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus iad i mbun céim iomlán ceithre bliana sa dlí. Tá an sruth ar fáil do mhic léinn atá ag tabhairt faoi na céimeanna dlí seo a leanas: 

Dlí (BCL) GY251

Dlí agus Gnó GY250

Dlí (BCL) agus Cearta an Duine GY252

Dlí agus Cánachas GY253

Dlí (BCL), Coireolaíocht agus Ceartas Coiriúil GY254

Clúdaíonn an Sruth Gaeilge na modúil a bhaineann le Teanga an Dlí agus tugtar deis do mhic léinn a gcuid scileanna labhartha agus scríofa Gaeilge a fhorbairt agus a dtéarmaíocht dlí Gaeilge a fheabhsú. Cuirtear ar chumas na mac léinn smaointe agus tuairimí a chur in iúl ó bhéal agus i scríbhinn trí Ghaeilge. Is buntáiste mór é do mhic léinn an chúrsa seo an seimeastar iomlán 12 sheachtain a chaitear sa tríú bliain in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua agus seimeastar eile ar shocrúchán oibre gairmiúil i dtimpeallacht dlí ina labhraítear Gaeilge.

Fraincis trí Ghaeilge

Tugtar deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis trí mheán na Gaeilge i ngach bliain den chéim*.

Matamaitic

Cuirtear na ranganna teagaisc ar fáil i nGaeilge do mhic léinn na chéad bhliana.

Matamaitic don Inbhuanaitheacht

Tá an modúl seo ar fáil i nGaeilge amháin, do mhic léinn na dara bliana BA a bhfuil Gaeilge á dhéanamh acu, do mhic léinn na dara bliana sa BSc san Eolaíocht ginearálta, Muireolaíocht, agus Eolaíocht Mhatamaiticiúil, agus do mhic léinn na ceathrú bliana sa BA Mata agus Oideachas.

Teanga na hEolaíochta I agus II

Bíonn deis ag mic léinn dara bliana an BSc tabhairt faoin dá mhodúl seo i nGaeilge.

Calcalas don Innealtóireacht

Cuirtear na ranganna teagaisc ar fáil i nGaeilge do mhic léinn na chéad bhliana BEng.

Geilleagar

Cuirtear an modúl seo ar fáil i nGaeilge do mhic léinn 1BA agus do mhic léinn an BComm.

Caidreamh na hOthair trí Ghaeilge

Cuirtear an modúl Gaeilge seo ar fáil do mhic léinn 2BNU.

Modúil Ghaeilge do mhic léinn Idirnáisiúnta

Cuirtear modúil Ghaeilge 5 ECTS agus 10 ECTS ar fáil do mhic léinn idirnáisiúnta ar fhoghlaimeoirí ab initio iad.

An Ghaeilge don Bhith-theicneolaíocht

Tá an Ghaeilge ar cheann de na roghanna teanga ar féidir staidéar a dhéanamh uirthi in éineacht leis an gcéim sa Bhith-theicneolaíocht san ollscoil seo.  Déantar modúil Ghaeilge i mbliain 1 a 2 agus a 3 den chúrsa.

 

Tionscadail na Bliana Deireanaí

Moltar do scoláirí ar suim leo tráchtas a scríobh i nGaeilge le linn bhliain na céime ceist a chur ar na léachtóirí an dtiocfadh le duine acu an tionscadal a stiúradh i nGaeilge. 

Cláir Iarchéime

Oideachas (Máistir Gairmiúil): Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge atá sa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iarbhunscoile lán-Ghaeilge. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san Aontas Eorpach.

Léann an Aistriúcháin (Teastas Iarchéime): Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint a fháil i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla.

Ateangaireacht Chomhdhála (MA/Dioplóma Iarchéime): Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach agus bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn.  Is ag brath ar éileamh ó mhic léinn le Gaeilge a chuirtear an clár seo ar fáil i nGaeilge.

Gaeilge Fheidhmeach (Ard-Dioplóma): Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8.

GYA97 Cleachtas Gairmiúil sna Meáin (MA/Dioplóma Iarchéime): Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath.

GYA90 Leánn Teanga (MA/Dioplóma Iarchéime): Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.

Nua-Ghaeilge (MA Lánaimseartha agus Páirtaimseartha): 

Tá saineolas ag foireann Roinn na Gaeilge ar gach tréimhse de chuid na Gaeilge, ón luath-thréimhse go dtí an teanga chomhaimseartha. Tá áiseanna taighde den scoth ag an ollscoil, rud a thugann buntáiste ar leith don mhac léinn ar mian leis/léi taighde a dhéanamh sna bailiúcháin Ghaeilge atá againn. Tá an Ghaeltacht ar leac an dorais agus tá teacht ag na mic léinn ar áiseanna foghlama agus taighde den scoth sna campais Ghaeltachta atá ag an ollscoil i gConamara agus i nGaoth Dobhair.

Nua-Ghaeilge (MLitt): 

Cuirfidh an clár seo ar chumas an mhic léinn tabhairt faoi thionscadal mór taighde i réimse na Nua-Ghaeilge go neamhspleách agus tráchtas suas le 50,000 focal a scríobh bunaithe ar an ábhar sin. D'fhéadfadh sé/sí clárú do chéim dochtúireachta ina dhiaidh sin, dá mba mhian leis/léi.

PhD

PHDS-NUAG Nua-Ghaeilge (PhD Struchtúrtha): Is féidir taighde dochtúireachta a dhéanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, shochtheangeolaíocht, chanúineolaíocht agus nualitríocht. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsithe acu i ngach aon cheann de na réimsí thuasluaite, agus flosc orthu a gcuid saineolais agus taithí a roinnt ar scoláirí óga.

PHDS-OMI Sean- agus Meán-Ghaeilge  (PhD Struchtúrtha): Is clár staidéir agus taighde páirtaimseartha ceithre bliana, lánaimseartha nó sé bliana, páirtaimseartha é an PhD Struchtúrtha sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge. Ní mór d’iarratasóirí ardchaighdeán onóracha a bheith acu ina mbunchéim nó fianaise eile cumais a sholáthair.

PHDS-CSLC Léann Ceilteach (PhD Struchtúrtha): Éiríonn le céimithe an chúrsa seo fostaíocht a aimsiú sa teagasc agus sa taighde acadúil, san fhoilsitheoireacht, sa teilifís agus sa raidió, sna meáin chlóite agus leictreonacha agus i mbainistíocht agus léiriú cultúir agus oidhreachta.

Cúrsaí Dioplóma

An Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéil A2, B1, B2, C1)

Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil ag leibhéil A2, B1, B2 agus C1 in Ollscoil na Gaillimhe agus in ionaid eile lasmuigh den Ollscoil.  Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Dioplóma agus fáiltítear roimh iarratais ó mhic léinn, ó bhaill foirne agus ón bpobal a bhfuil suim acu cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge.

An Dioplóma sa Chultúr Dúchais

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchais agus i mbéaloideas na hÉireann. Is é aidhm an chúrsa eolas a roinnt le rannpháirtithe le go bhfaighidh siad léargas ar shaibhreas an chultúir sin.  Bíonn seisiúin seachtainiúla i gceist ar líne, chomh maith le ceardlanna in Ollscoil na Gaillimhe agus is cúrsa dhá bhliain atá i gceist.

Cúrsaí Micridhintiúr 

Tá na cúrsaí micridhintiúr a leanas ar fáil i nGaeilge chomh maith : 

Leibhéal 9 

LT6101 An Caighdeán Oifigiúil 

Pléifear sa mhodúl seo le stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil. Scrúdófar na tréithe is suntasaí den Chaighdeán mar bhunchloch do chóras gramadaí na Gaeilge. Déanfar anailís ar na hathruithe atá tagtha ar an gCaighdeán le teacht i bhfeidhm CO 2016. 

LT119 Próiseas na Pleanála Teanga II 

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas; is é sin ó bhí casadh na mílaoise ann. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu. 

LT120 An Anailís Sochtheangeolaíochta II 

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar phróiseas an aistrithe teanga agus ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis. Pléifear an tionchar a bhíonn ag an aistriú teanga ní hamháin ar an bpobal urlabhra, ach ar an gcineál teanga a labhraítear chomh maith céanna.  

PT812 Cúlra agus Comhthéacs na Gaeltachta 

Breathnófar ar bhunús oifigiúil na Gaeltachta agus ar fhorbairt pholasaí an stáit i leith na Gaeltachta sa mhodúl seo. Breathnófar freisin ar bhunús na Gaeltachta mar limistéar sainiúil cultúir agus teanga. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. 

LT6105 Aistriúchán Téacsanna 1 

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de ghramadach agus de chomhréir na Gaeilge. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre. Déanfar anailís ar straitéisí an aistriúcháin agus ar na bealaí chun déileáil le dúshláin ar leith a thagann chun cinn. Ar na téamaí is mó a phléifear sa mhodúl seo, tá na dúshláin a bhaineann le buntéacsanna ó thaobh brí agus céille de, coibhéis shásúil sa spriocthéacs, agus na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. 

LN6111 Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge 

Pléann an modúl seo leis na gnéithe sin den ghramadach nach bpléitear i leabhair ghramadaí de ghnáth. Féachtar, freisin, le comhréir na Gaeilge a fhiosrú, go háirithe difríochtaí idir í agus comhréir an Bhéarla. Déantar staidéar ar aistriúcháin agus ar théacsanna eile d’fhonn ceart-chomhréir na Gaeilge a aimsiú. Pléitear comhairle daoine ar spéis leo cruinnscríobh na Gaeilge le céad bliain anuas, comhairle i dtaobh na comhréire agus na gramadaí agus a chruinne atá an chomhairle sin ar na saolta seo. 

LT101 – Cruinnscríobh na Gaeilge 1  

Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga. 

Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán an aistriúcháin agus na scríbhneoireachta. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn. 

Cíorfar na foinsí agus na huirlisí teanga agus téarmaíochta is tábhachtaí a theastaíonn chun téacsanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil. 

Leibhéal 8 

GF100 – Cruinneas na Gaeilge 1 

Tá sé mar chuspóir ag an gcúrsa seo sárchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a thabhairt do dhaoine a bhfuil caighdeán pas bainte amach acu cheana féin i scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hardteistiméireachta. Aidhmeanna: 

  1. saineolas a thabhairt do na rannpháirtithe ar phríomhghnéithe na teanga scríofa - comhréir agus struchtúr, gramadach agus deilbhíocht - a chuirfidh ar a gcumas a ngnó gairmiúil a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge. 
  2. na rannpháirtithe a chumasú le go mbeidh siad in ann scríobh, ceartú, aistriú agus caighdeánú a dhéanamh sa Ghaeilge go cruinn agus le barr feabhais & críochnúlachta. 
  3. tuiscint a thabhairt do na mic léinn ar na difríochtaí idir an caighdeán oifigiúil agus na canúintí agus idir na canúintí féin. 

GF200 – Cruinneas na Gaeilge 2 (Leibhéal 8) 

Tógfar sa mhodúl seo ar ar baineadh amach i gcruinneas na Gaeilge 1.  Tabharfar tuiscint do na mic léinn ar an bpróiséas foghlama teanga agus pléifear na straitéisí a d'fhéadfaidís féin a úsáid agus barr feabhais á cur ar a gcuid Gaeilge acu.  Cuirfear béim ar an neamhspleáchas foghlama agus tabharfar saineolas do na rannpháirtithe ar phríomhghnéithe na teanga scríofa:  comhréir agus struchtúr; gramadach agus deilbhíocht.  Déanfar leathnú agus buanú ar gach a bhfuil sealbhaithe ag na rannpháirtithe i mbliain 1. 

GDT1011 (Seimeastar 1) & GDT1012 (Seimeastar 2) – Irish for Beginners  

Tá an cúrsa seo ar fáil do dhaoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu ach a bhfuil spéis acu í a fhoghlaim.

This intensive course is specifically aimed at students with little or no previous knowledge of Irish. Learners will focus on conversation and listening skills as part of the Irish language learning process and they will be encouraged to use these skills, not only in the classroom but also independently outside the formal classroom setting. 

GA2112 – Teanga an Ghnó 

Sa mhodúl seo cíorfar an gnó mar ghairm, ag díriú go sonrach ar théarmaíocht agus ar shainfhoclóir an ghnó. Cuirfear go mór le sainfhoclóir gnó na mac léinn agus forbrófar a n-inniúlacht in úsáid an tsainfhoclóra seo sa labhairt agus sa scríobh trí rólghníomhaíochtaí agus trí thascanna phraiticiúla scríofa. Pléifear go córasach na cúig phríomhréimse gnó a leanas agus an obair seo idir lámha: an Mhargaíocht, an Chuntasaíocht, an Eacnamaíocht, Bainistíocht Acmhainn Daonna agus Córais Faisnéise Ghnó. 

Leibhéal 7 

GA172 – Éisteacht agus Labhairt 1 B1  

Déanfar forbairt ar chumas labhartha an mhic léinn ina gcuimseofar saol pearsanta agus gairmiúil an mhic léinn. Déanfar an mac léinn a chumasú chun páirt níos gníomhaí a ghlacadh i gcomhráití laethúla gan mórán réamhullmhúchán a bheith déanta acu. Déanfar buanú agus forbairt ar scileanna éisteachta an mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas gnáth-chaint laethúil cainteoirí cumasacha Gaeilge mar aon le cláir theilifíse agus raidió a thuiscint. 

GA173 – Léamh agus Scríobh 1 

Sa mhodúl seo déanfar forbairt agus buanú ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta an mhic léinn. Cuirfear ar chumas an mhic léinn anailís ghramadaí a dhéanamh ar shleachta léitheoireachta agus scileanna foghraíochta a fhorbairt. Cuirfear ar chumas an mhic léinn achoimre a scríobh ar ábhar léite mar aon le hábhar scríofa eile a ghiniúint i.e. nótaí, ríomhphoist agus litreacha ag úsáid an réim teanga chuí. 

CD1102 – Deasghnátha agus Nósmhaireacht Thraidisiúnta  

Tuiscintí agus nósanna traidisiúnta a bhaineann le breith agus le bás; féilte na bliana; leigheas traidisiúnta. 

GA114 – Saíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta  

Sa mhodúl ‘Saíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta’, déanfar plé ar ghnéithe éagsúla de chultúr agus de stair na Gaeilge agus na hÉireann agus pléifear roinnt de na hábhair a leanas: 1. Stair agus staid reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta 2. Meáin Chumarsáide na Gaeilge 3. Béaloideas & Logainmneacha na hÉireann 4. Litríocht & Cultúr na Gaeilge.