Course Overview

Is comhpháirtíocht é an clár seo idir OÉ Gaillimh agus Táirgí Media Idirnáisiúnta (TMI)—ceann de na gnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc is bisiúla in Éirinn trí chéile. Is é aidhm an chláir oiliúint i ngnéithe den aistriúchán don scáileán—ar a n-áirítear fotheidealúchán idirtheangach, fotheidealúchán inteangach, fotheidealúchán beo, aistriúchán scripteanna don teilifís, tráchtaireacht fuaime, seirbhísí rochtana do chomhdhálacha – a chur ar rannpháirtithe. Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo teangacha go ginearálta, an t-aistriúchán agus rochtain fhairsing a bheith ag an bpobal trí chéile ar sheirbhísí teilifíse agus ilmheán. Bainfidh daoine ar mhaith leo oibriú go gairmiúil i réimse an aistriúcháin closamhairc, go háirithe, tairbhe as an gclár seo. Is í an Ghaeilge teanga theagaisc an chláir, agus is ar phríomhchampas na hOllscoile i gCathair na Gaillimhe a reáchtálfar é.

Applications and Selections

Who Teaches this Course

Baill foirne na comhlachta gairmiúla aistriúcháin, TMI, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, go príomha Kate Ní Chíobháin, Séamus Ó Coileáin, Léann an Aistriúcháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Requirements and Assessment

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu iarratas a dhéanamh faoin gcóras don Aitheantas don Réamhfhoghlaim.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith lán-inniúil ar ríomhaire a úsáid óir is gné láir an chúrsa seo é eolas a chur ar ríomhchláir fotheidealúcháin agus iad a úsáid go cumasach.


Additional Requirements

Duration

1 bhliain

Next start date

Meán Fómhair 2023

A Level Grades ()

Average intake

15

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

3 Meán Fómhair 2023

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

30

Award

CAO

Course code

TIAR-AISC

Course Outline

  • Aistriúchán don Scáileán: Teoiric agus Téarmaíocht
  • Fotheidealúchán Inteangach
  • Fotheidealúchán Beo
  • Fotheidealúchán Idirtheangach
  • Tráchtaireacht Fuaime
  • Aistriúchán Closamhairc

Curriculum Information

Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).
Course and module offerings and details may be subject to change.

Glossary of Terms

Credits
You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
Module
An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
Optional
A module you may choose to study.
Required
A module that you must study if you choose this course (or subject).
Semester
Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.

Year 1 (30 Credits)

Required LN6102: Aistriúchán Closamhairc


Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo léargas a thabhairt do mhic léinn ar na cúinsí teanga atá le tabhairt san áireamh san aistriúchán closamhairc. Áirítear air sin an t-aistriúchán don scáileán, idir theilifís agus scannán, chomh maith le hábhar físe ar líne. Cuirfear oiliúint ar mhic léinn sa láimhseáil faoi leith a chaitear a dhéanamh le teanga chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán. Cíorfar na spriocghrúpaí féachana a ndírítear orthu i réimsí éagsúla agus na riachtanais éagsúla is gá a chur san áireamh.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Anailís a dhéanamh ar fhíseán chun an réim theanga a bheidh de dhíth do na fotheidil a shainaithint.
  2. Anailís chriticiúil a dhéanamh ar fhotheidil ó réimsí éagsúla.
  3. Réiteach a mholadh do chiútaí teanga amhail greann, imeartas focal, meafair, seanfhocail agus nathanna cainte.
  4. Comhthéacs an ábhair, canúintí na Gaeilge agus leibhéil éagsúla chumais i labhairt na Gaeilge a láimhseáil.
  5. Na cúinsí sainiúla a bhaineann le haistriúchán closamhairc a láimhseáil, go háirithe spás agus am.
Assessments

This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.

  • Department-based Assessment (100%)
Module Director
Reading List
  1. "Mar a Déarfá! Cnuasach Cliséanna, Ciútaí Cainte agus Frásaí coitianta eile" by Seán Mac Cionnaith
    ISBN: 6660012110407.
    Publisher: Coiscéim
  2. "An teanga bheo: Gaeilge Uladh" by Dónall P. Ó Baoill
    Publisher: Institiúid Teangeolaíochta Eireann
  3. "An teanga bheo: Corca Dhuibhne" by Diarmuid Ó Sé
    Publisher: Institiúid Teangeolaíochta Éireann
  4. "An teanga bheo: Gaeilge Chonamara" by Séamus Ó Murchú
    Publisher: Institiúid Teangeolaíochta Éireann
The above information outlines module LN6102: "Aistriúchán Closamhairc" and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LN6101: Aistriúchán don Scáileán: Teoiric agus Téarmaíocht


Semester 1 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Cuntas a thabhairt ar stair agus forbairt an fhotheidealúcháin mar chuid de stair na scannánaíochta agus na teilifíse.
  2. Cuntas a thabhairt ar theoiric agus rialacha an fhotheidealúcháin agus an taighde a bhaineann leo.
  3. An téarmaíocht a úsáidtear i dtionscal an fhotheidealúcháin agus an iarléiriúcháin a ionramháil.
  4. Míniú a thabhairt ar fheidhm agus ról an fhotheidealúcháin sna meáin trí chéile agus do spriocghrúpaí éagsúla.
Assessments

This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.

  • Department-based Assessment (100%)
Module Director
Reading List
  1. "Subtitling for the Media – A Handbook of the Art" by Ivarsson, J.
    Publisher: Transedit
  2. "Subtitling" by Ivarsson, J.; Carroll, M.
    Publisher: Transedit
  3. "TG4@10 – Deich mBliana de TG4" by O’Connell, E., J. Walsh, J. agus Denvir, G. (eag.)
    Publisher: Cló Iar-Chonnacht
The above information outlines module LN6101: "Aistriúchán don Scáileán: Teoiric agus Téarmaíocht" and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LN6103: Fotheidealúchán Inteangach


Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo léargas a thabhairt ar phróiseas an fotheidealúcháin, agus taithí a thabhairt do na mic léinn in úsáid bogearraí fotheidealúcháin. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn ar an bhfotheidealú inteangach, Gaeilge go Gaeilge agus Béarla go Béarla, agus leagfar béim ar na rialacha a bhaineann le fotheidealú do dhaoine bodhra. Leagfar béim speisialta ar láimhseáil teangan faoi chúinsí an fotheidealúcháin.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Tabhairt faoi chlár a fhotheidealú, ag baint feidhm as bogearra fotheidealúcháin.
  2. Na teoiricí agus na rialacha a foghlaimíodh sa mhodúl “Teoiric agus Teicneolaíocht” a chur i bhfeidhm go praiticiúil.
  3. Na rialacha sainiúla a bhaineann le fotheidealú do dhaoine bodhra a chur i bhfeidhm.
  4. An dá theanga a láimhseáil faoi chuinsí áirithe an fhotheidealúcháin.
Assessments

This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.

  • Department-based Assessment (100%)
Module Director
The above information outlines module LN6103: "Fotheidealúchán Inteangach" and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LN6104: Fotheidealúchán Beo


Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo spléachadh a thabhairt ar phróiseas an fhotheidealúcháin bheo agus taithí bhunúsach a thabhairt do na mic léinn ar an aistriúchán comhuaineach agus ar an athlabhairt a bhíonn de dhíth don bhfotheidealú beo. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn sa phróiseas, iomlán: conas próifíl a chruthú ar an gcóras, an réamhullmhúchán a dhéantar roimh gach clár beo agus an t-aistriúchán comhuaineach.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Labhairt (as Béarla) isteach i micreafón, labhairt go soiléir, agus béim á leagan ar fhóinéimí.
  2. Ullmhú do sheisiún beo, an t-eolas a ionchur sa chlár ríomhaireachta agus foclóir pearsanta a chur in oiriúint dá p(h)róifíl gutha phearsanta.
  3. Athlabhairt a dhéanamh ar phíosaí tráchtaireachta/cainte agus eagarthóireacht thapaidh a dhéanamh ar an téacs ar an scáileán.
  4. Aistriú ar an bpointe – ateangaireacht chomhuaineach – a dhéanamh ar phíosaí ó Ghaeilge go Béarla agus an t-aistriúchán a rá go soiléir isteach i micreafón.
Assessments

This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.

  • Department-based Assessment (100%)
Module Director
The above information outlines module LN6104: "Fotheidealúchán Beo " and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LN6105: Fotheidealúchán Idirtheangach


Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo cur le tuiscint agus cleachtadh na mac léinn ar phróiseas an fhotheidealaithe. Cuirfear oiliúint ar na mic léinn ar an bhfotheidealú idirtheangach, Gaeilge go Béarla agus Béarla go Gaeilge agus leagfar béim ar na rialacha agus treoirlínte a bhaineann le fotheidil aistriúcháin. Leagfar béim speisialta ar láimhseáil ciútaí teanga agus leibhéil éagsúla chumais i labhairt na Gaeilge i gcomhthéacs an aistriúcháin don scáileán.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Tabhairt faoi mhíreanna a fhotheidealú ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge.
  2. Na teoiricí agus na rialacha a foghlaimíodh sa mhodúl “Teoiric agus Teicneolaíocht” a chur i bhfeidhm go praiticiúil.
  3. Na rialacha sainiúla a bhaineann le fotheidil aistriúcháin a chur i bhfeidhm.
  4. Ciútaí teanga amhail greann, imeartas focal, meafair, seanfhocail agus nathanna cainte, agus canúintí na Gaeilge agus leibhéil éagsúla chumais i labhairt na Gaeilge a láimhseáil mar is cóir i bhfotheidil aistriúcháin.
Assessments

This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.

  • Department-based Assessment (100%)
Module Director
The above information outlines module LN6105: "Fotheidealúchán Idirtheangach" and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LN6106: Tráchtaireacht Fuaime


Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo spléachadh a thabhairt do na mic léinn ar cheird na tráchtaireachta fuaime. Cuirfear oiliúint orthu in úsáid bogearra tráchtaireachta fuaime. Tabharfar treoir dóibh conas script tráchtaireachta fuaime a scríobh do mhír físe, agus conas é a thaifeadadh, agus béim á leagan ar na treoirlínte ginearálta a mholann saineolaithe san earnáil.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Bogearra tráchtaireachta fuaime a láimhseáil, conas aonaid chainte a chruthú, na píosaí cainte a thaifeadadh agus éisteacht siar leo.
  2. Radharcanna ar gá tráchtaireacht a dhéanamh orthu a aithint.
  3. Script a scríobh agus na haonaid chainte a fhí isteach i bhfuaimrian an chláir, ag cloí le dea-chleachtas na tráchtaireachta fuaime.
  4. Na haonaid chainte a thaifeadadh agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
Assessments

This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.

  • Department-based Assessment (100%)
Module Director
The above information outlines module LN6106: "Tráchtaireacht Fuaime" and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Agus méadú ag teacht ar na dualgais atá ar eagraíochtaí craolacháin i dtaca leis an inrochtaineacht, tá gá le tuilleadh daoine a bhfuil a bhfuil scileanna maithe acu sna gnéithe éagsúla den aistriúchán closamhairc. Beidh poist le fáil i stáisiúin chraolacháin, i ngnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc. Baineann deiseanna maithe cianoibre leis an réimse seo freisin.

  1. Is é seo an chéad cháilíocht atá le fáil in Éirinn san aistriúchán closamhairc, agus béim faoi leith ar an bhfotheidealúchán.
  2. Is réimse é an t-aistriúchán closamhairc atá faoi bhorradh ar ardáin éagsúla agus béim níos mó á leagan ar an bhfotheidealúchán chun críche tuisceana agus reacaireachta.
  3. Gné mhór den chúrsa is ea oiliúint phraiticiúil le TMI – ceann de phríomhghnólachtaí an tionscail in Éirinn—agus úsáid á baint san oiliúint sin as na bogearraí agus na huirlisí a úsáidtear sa tionscal féin.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

Fees: Tuition

€2,050 p.a. 2023/24

Fees: Student levy

€70 p.a. 2023/24

Fees: Non EU

€2,120 p.a. 2023/24

Find out More

Séamus Ó Coileáin
F:+353 91 493 959 
R: s.ocoileain@ollscoilnagaillimhe.ie 

 

Downloads

  • Postgraduate Prospectus 2023

    Postgraduate Prospectus 2023 PDF (20.6MB)